Rinneadh ceiliúradh ar chéad bhliain de cheann de na Coláistí Samhraidh is iomráití sa tír ar na mallaibh, agus níor ligeadh Feirsteach ar leith i ndearmad.
Bunaíodh Coláiste Bhríde sa bhliain 1912 in Ó Méith, Contae Lú. Ba é an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh a bhunaigh an choláiste, agus b'ann a bhí sé ar feadh roinnt blianta sular bogadh go Rann na Feirste é i dTír Chonaill mar gheall ar mheath na Gaeilge in Ó Méith agus ar mheath an cheantair mar Ghaeltacht.
Tá sé lonnaithe i Rann na Feirste ó bhí 1926 ann. Chuaigh na mílte foghlaimeoirí Gaeilge fríd dhoirse na coláiste thar na mblianta, cuid mhór daoine as Béal Feirste ina measc. Bhíodh nasc láidir ag an Choláiste le Cumann Cluain Árd ar Shráid na Scéithe
Bhí baint mhór ag an Fheirsteach Seán Mac Maoláin le céadlaethanta na Coláiste. Rugadh é i nBun na hAbhann, Contae Aontroma, sa bhliain 1884 agus bhog sé go Béal Feirste sa bhliain 1896. Cé nach raibh Gaeilge ón chliabhán ag Seán, cainteoir dúchais Gaeilge a bhí in a athar, rud nach bhfuair Seán amach go dtí gur thosaigh sé féin ag foghlaim na teanga.
Ní raibh an oiread suime sa scolaíocht ag Mac Maoláin agus chaith sé seal ag obair i monarcha línéadaigh agus in Oifig an Phoist i mBéal Feirste. Bhí sé ina chéad rúnaí ar Chomhaltas Uladh nuair a bunaíodh é, agus ba bhall de Chraobh Oisín de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste é fosta. Dúirt Séamas Mac Grianna tráth gurb é Mac Maoláin an t-aon duine taobh amuigh den Ghaeltacht "a d'fhoghlaim líofacht sa Ghaeilge."
Ba é Seán Mac Maoláin a mhol don Athair Ó Muireadhaigh an coláiste a bhogadh go Rann na Feirste, agus tá clú agus meas ar a ainm sa cheantar mar gheall air sin.
Ag caint leis ag Aifreann an Chomórtha, dúirt an tAthair Lorcán Ó Searcaigh a thug an homaile, gur choinnigh Sean Mac Maoláin agus an tAthair Lorcán Ó Muirí an coláiste "slán láidir." Bhí an tAthair Ó Searcaigh mar chléireach Aifrínn sa Choláiste Bheag i Rann na Feirste tráth.
"Tháinig cor mór i saol na háite seo nuair a thit Seán i ngrá le bean as Doire na Mainséar," a dúirt sé.
"Mheall sé cúpla duine eile as Béal Feirste a theacht leis go Tír Chonaill le Gaeilge a fhoghlaim!"
Dúirt sé gur chuidigh Seán agus an tAthair Lorcán "cultúr na nGael a choinneáil beo."
D'imigh Seán as Béal Feirste go Baile Átha Cliath in 1930 mar gheall ar easaontas i measc Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste. Scríbhneoir mór a bhí ann i gcónaí, agus i measc na leabhar a scríobh Mac Maoláin le linn a shaoil, bhí 'I mBéal Feirste Dom' agus 'An Bealach chun na Gaeltachta.' Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1973.





