Bhí trí ghlúin as teaghlach mór Gaeilge i mBéal Feirste i measc na mbuaiteoirí ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. 

Bhain Róise Nic Corraidh Corn Mháire Nic Dhonnchadha, an comórtas cáilithe amhránaíochta ar an Sean-Nós do mhná thar 35. Bhain mac Róise, Ultán Ó Dónaill, an chéad duais sa chomórtas aithriseoireacht do dhaoine óga, agus tháinig sé sa dara háit san amhránaíocht ar an Sean-Nós do Dhaoine Óga.

Bhain Seán Mac Corraidh, athair Róise agus seanathair Ultáin, an dara duais san amhránaíocht aonair le tionlacan giotar.

"Tá mise ag ceol ag an Oireachtas ó bhí mé faoi deich mbliana d'aois, agus níor éirigh liom príomhdhuais a bhaint amach riamh," arsa Róise. 

"Níor chaill mé m'uchtach riamh! Bhain mé féin agus Caoimhe Ní Chathail na lúibíní anuraidh nuair a bhí an tOireachtas sa bhaile i mBéal Feirste againn. Dhírigh mé isteach ar an cheol i mbliana mar gheall air sin. Bhain mé agus tá sé deas an t-aitheantas sin a fháil."

Ní seo deireadh ceoil Róise ag an Oireachtas agus an corn seo buaite aici, ná baol air. Beidh deis aici anois cur isteach ar chomórtas na mban ar an bhliain seo chugainn.

"Beidh mise istigh ar chomórtas na mban ar an bhliain seo chugainn. Dá n-éireoinn liom sa cheann sin cheolfainn i gCorn Uí Riada."

Deir Róise go raibh sé speisialta ar fad don teaghlach go raibh triúr acu a raibh an bua acu.

"Tá Ultán ag ceol ag an Oireachtas le cúpla bliain agus ag glacadh páirte sna comórtais. Tá leibhéal iontach ard sna comórtais sin leis na muintir bheaga. 

"Tá cairdeas déanta agam ag an Oireachtas ó bhí mé beag, agus bhog achan duine ar aghaidh agus teaghlach s'acu féin acu. Eispéireas difriúil atá san Oireachtas anois."