Deir Gael-Mheiriceánach atá ina chónaí i mBéal Feirste go bhfuil sé "dearfach go leor" faoi thorthaí na dtoghchán lár téarma, cé go bhfuil sé "doiligh a bheith dearfach faoi rud ar bith sna Stáit Aontaithe na laethanta seo" dar leis. 

Is as Hartford, Connecticut don Dr Pádraig Ó Mathúna, ach oibríonn sé le Fís an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste mar Oifigeach Inniúlachta. Bhronn Ollscoil Drew PhD air sa bhliain 2021 agus díríonn a chuid taighde ar dhaoine a raibh ceart vótála bainte daofa agus an nasc a bhí acu le himpiriúlachas na Stát Aontaithe sa naoú haois déag.

"Bhí mé breá sásta cuid den battleground states a fheiceáil chomh maith. Mar shampla El-Sayed in Michigan," ar seisean, "Bhí mé iontach sásta gur bhain sé an toghchán sin.

"Bhí beirt bhan dúchasach tofa, Peggy Flanagan mar Sheanadóir in Minnesota agus Deb Haaland mar Ghobharnóir in New Mexico. Nuair a smaoiníonn tú nach raibh an ceart vótála ag daoine dúchasacha in New Mexico go dtí 1948, is dul chun cinn dochreidte é sin. 

"Peggy Flanagan dár ndóighe, is duine de na Ojibwe í agus bhí daidí s'aici ina ghníomhaí ar son chearta dúchasacha sa cheantar sin. Bhí mé iontach sásta gur toghadh í."

Deir Ó Mathúna gur diúltú soiléir do MAGA a bhí sa toghchán seo mar thoradh ar pholasaithe an rialtais le dhá bhliain anuas. 

"Léiríonn sé go bhfuil daoine tinn tuirseach den chaimiléireacht agus den seafóid, agus den dóigh a bhfuil an tír scoilte," ar seisean. 

Cé go mbeidh lámh in uachtar ag an Pháirtí Daonlathach i dTeach na nIonadaithe agus sa Seanad, deir Ó Mathúna nach mór daofa a bheith "iontach cúramach" maidir leis an Cheann Chomhairle.

"Tá siad socraithe ar Hakeem Jeffries, is cosúil, agus Chuck Schumer mar cheannaire ar an Seanad. Ní shílim go bhfuil daoine óga ag iarraidh na daoine seo a fheiceáil.

"Cuireann na Daonlathaigh síos ar an 'eaglais leathán' atá acu, más maith leat, ach má amharcann tú ar Angie Nixon in Florida. Sóisialach ceart í ach ní raibh an DNC sásta aon tacaíocht cheart a thabhairt di."

Cé nár toghadh Nixon, d'éirigh go maith léi agus ní raibh ach 1.8 faoin chéad idir í agus Ashley Moody. Deir Ó Mathúna go léiríonn sé seo gur chóir do na Daonlathaigh a bheith ag amharc níos leithne dá n-iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta 2028.

"Seasann James Talarico amach dom do 2028 cheana féin. Bhí sé ag caint faoi na polasaithe a bheas aige agus dúirt sé go bhfuil sé ag iarraidh oibriú le Donald Trump," ar seisean.

"Chuir sé iontas orm ach níor chuir ag an am chéanna. Sílim gur fhoghlaim na Daonlathaigh an ceacht sin ó Mamdani. Níl cuid de lucht tacaíochta Mamdani sásta leis an chur chuige sin, ach déarfainn go mbeadh sé ag iarraidh an lámh a chur amach."

Maidir le hiarrthóir 2028 don Pháirtí Poblachtánach, dúirt Ó Mathúna "go mbraitheann sé ar na míonna agus ar na blianta amach romhainn."

Dúirt sé gur sheas an chéad chuid de ráiteas Ted Cruz amach dó, agus go bhfuil sé "ag iarraidh díriú isteach ar na príomhcheisteanna."

"Praghas an bhia, praghas an bhreosla. Luaigh JD Vance na rudaí céanna, chuir sé an locht ar an chogadh leis an Iaráin.

"Sílim go mbraitheann sé ar cé chomh fada is atá cuimhne na ndaoine sna Stáit Aontaithe a bhaineann le hoifigigh cosúil le JD Vance nó Ted Cruz a thacaigh leis na polasaithe sin ach atá anois ag iarraidh spás a chruthú eatarthu féin agus na polasaithe."