Seoladh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair i dTí Mhadáin i mBéal Feirste Déardaoin le heagrán speisialta beo de 'Cóisir Cheoil' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhí an teach tabhairne cáiliúil lán go béal thuas staighre mar a tháinig plúr na gceoltóirí le chéile ar chlár speisialta beo. Bhí taispeántais ó Múlú agus Caitríona Ní Ghribín, The Railway Boys, agus Cumann Ceoil Thraidisiúnta Ollscoil Naomh Muire.

Tiocfaidh lucht éisteachta agus ceoltóirí le chéile i nGaoth Dobhair an geimhreadh seo nuair a fhillfead an scoil ón 27 Nollaig 2026 go dtí an 1 Eanáir 2027.

Beidh ceardlanna ar fáil ar an fheadóg mhór, feadóg stáin, na píobaí uilleann, fidil, cairdín, amhránaíocht, bainseó, maindilín, bodhrán, consairtín, cláirseach, giotár, basúcaí, agus damhsa ar an sean-nós.

Dúirt Dónall Mac Ruairí, láithreoir 'Cóisir Cheoil' go raibh sé "iontach sásta" a bheith i mBéal Feirste leis an Scoil Gheimhridh a sheoladh.

"Tá sé galánta fáil amach as an stiúideo am ar bith, lá ar bith! Sheol muid an Scoil Gheimhridh anuraidh, mar sin tá mé ag súil go bhfuil muid ag cur túis le traidisiún anseo. Tá an teach seo chomh lárnach ó thaobh cúrsaí ceoil. 

"Tá gaol millteanach láidir le blianta fada idir Dhún na nGall agus Béal Feirste, agus go speisialta Gaoth Dobhair, Na Rosa le Béal Feirste. Tá a fhios agam nuair a thosóidh an Fhéile seo go mbeidh an dubh-mhéid daoine, ceoltóirí ón taobh seo tíre ag freastal air."

Scoláirí ó Ollscoil Naomh Muire a bhí mar chuid de chraoladh beo 'Cóisir Cheoil'
2Gallery

Scoláirí ó Ollscoil Naomh Muire a bhí mar chuid de chraoladh beo 'Cóisir Cheoil'

Dúirt sé gur tógáil croí a bhí san fhéile óna thúslaethanta, agus go gcuidíonn sé go mór le muintir an cheantair le linn an gheimhridh.

"Tá an Scoil Gheimhridh millteanach tábhachtach, go speisialta agus muid scaite amach san iarthuaisceart. Nuair a bhí mise ag éirí aníos ní raibh mórán tacsaí ná busanna ann. nuair a tháinig an fhéile seo in 1994, thóg sé cian de go leor. Nuair atá muid ag dul isteach sa gheimhreadh, tá a fhios againn go mbeidh an chuideachta sin agus an spleodar sin ag teacht i mí na Nollag. 

"Tógann sé ár gcroíthe," arsa Dónall.

Dúirt Cathal Ó Curráin, duine d'eagraithe na féile, go Maddens - nó Tí Mhadáin - i gcónaí iontach tacúil leis an cheol. Leoga, thug siad urraíocht do Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair agus chuir siad sparánachtaí ar fáil do dhaoine óga nach mbeadh deis acu freastal ar an scoil murach an t-airgead ó Thí Mhadáin.

"Tá nasc láidir idir an dá áit" a dúirt Cathal. "Tá Tí Mhadáin ar cheann de na príomhurraitheoirí ar Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, agus tá sé ag tabhairt tacaíochta do pháistí óga a bheith ábalta freastal ar na ranganna saor in aisce. 

"Tá Tí Mhadáin ag cuidiú le cúpla teaghlach agus shíl muid gur seo an áit cheart leis an scoil a sheoladh."

Tharraing Cathal ar an nasc domhain idir mhuintir Bhéal Feirste agus mhuintir Thír Chonaill agus é ag caint ar fhreastal na bhFeirsteach ar an cheantar. 

"Bhí muintir Bhéal Feirste iontach maith dúinn i gcónaí agus iad ag foghlaim Gaeilge sa cheantar, ag teacht ar laethanta saoire agus ag cruthú naisc fríd an teanga agus fríd an cheol. 

"Am atá ann nuair atá dinnéar na Nollag ite. Nárbh fhearr i bhfad a bheith amuigh ag déanamh rud éigin ag casadh le cairde agus ag seinm ceoil i nGaoth Dobhair?"

Beidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar siúl ón 27 Nollaig 2026 go dtí an 1 Eanáir 2027. Tá an t-eolas uilig le fáil ar a suímh idirlíne.