LABHAIR daltaí ó roinnt Gaelscoileanna leis na meáin i Stormont inné, i ndiaidh úsáid achainí ar bhonn ábhar buartha chun cosc a chur ar bhille don Ghaeloideachas. 

Bhí daltaí i láthair ón dá mheánscoil Ghaeilge ó thuaidh, Coláiste Feirste agus Gaelcholáiste Dhoire. Chomh maith leis sin, bhí páistí ann ó Scoil An Droichid, ó Ghaelscoil an Lonnáin, ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh, ó Ghaelscoil Éanna agus ó Bhunscoil Bheanna Boirche

Dúirt Áine Nic an Mhanaigh ó Choláiste Feirste "gur mhaith léi a bheith ina múinteoir" lá éigin, agus go raibh vóta ar an bhille "scannalach." Dúirt sí go bhfuil "lúcháir" orthu sa scoil go bhfuil ionad sainriachtanais acu, ach "nach leor í."

"Tá rud amháin agam le rá leis an DUP, an UUP agus an TUV: nárbh fhiú muid? DO we not matter as well?"

Dúirt Críostor Ó Cuinneagáin ó Choláiste Feirste "nach bhfuil seo ag cuidiú" lena mhian a bheith ina chuntasóir amach anseo. Mhol sé na múinteoirí a "thagann isteach gach lá" agus a "dhéanann a ndícheall."

"There is no reason our education should be taken for granted," ar seisean.

Dúirt Erin Nic Giolla Domhnaigh ó Ghaelcholáiste Dhoire gur bunaíodh an scoil in 2013 le 13 dalta, agus anois tá níos mó ná 350 dalta aici. 

"Feiceann muid na riachtanais eile atá de dhíth mar gheall ar an fhás seo" ar sise i mBéarla, "Múinteoirí sainábhair, cúntóirí ranga d'ardchaighdeán le líofacht sa Ghaeilge, agus sainsoláthar do riachtanais speisialta i nGaeilge.

"Níor chóir neamart a dhéanamh i scoil s'againne. Cén fáth go bhfuil orainn fulaingt?" ar sise.