DÚIRT Conradh na Gaeilge "nach dtuigeann an DUP comhionannas" agus go bhfuil "rabharta teanga ag teacht ina dtreo" i ndiaidh úsáid achainí ar bhonn ábhar buartha chun cosc a chur ar bhille don Ghaeloideachas.
Bhí Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag caint le tuairisceoirí ag Stormont Dé Máirt taobh le taobh le páistí Gaelscolaíochta.
Arsa Pádraig, "Is cinneadh iomlán scannalach é seo. Seo meicníocht a tugadh isteach le mionlaigh a chosaint. Tá an DUP agus an UUP anois ag úsáid na meicníochta sin chun pobal mionlaigh a chur amach.
"Níor ghlac muid leis in 2016 nuair a rinne Paul Givan ionsaí ar Líofa, ní ghlacfaidh muid leis anois nuair atá na hAontachtaithe ag déanamh ionsaithe ar na daoine óga seo."
Dúirt Pádraig "nach nglacfadh" pobal na Gaeilge leis an chinneadh seo, agus go leanfadh sé féin agus an pobal ar fad ar aghaidh.
"Tá fearg inár bpobal ach tá misneach againn fosta," ar seisean. "Beidh muid ag eagrú, beidh muid ag amharc i dtreo an toghcháin. Tá muidne cinnte dearfa de go mbeidh todhchaí na Gaelscolaíochta slán agus go mbeidh na daoine óga seo ag dul amach chun cothrom na Féinne a fháil.
"Bhí muid anseo i 2020 nuair a gealladh Ré Nua Cur Chuige Nua dúinn," ar seisean, "Seo an seanscéal agus meirg air, agus ní ghlacfaidh muid leis. Seasfaidh muid lenár ndaoine óga, lenár bpríomhoidí, lenár scoileanna agus lenár múinteoirí."
Dúirt sé go bhfuil "forlámhas" déanta ag an pholaitíocht Aontachtach ar phobal na Gaeilge, agus "go ndéanfadh sé cinnte de nach dtarlóidh arís."
"Ní thuigeann an DUP comhionannas. Ní thuigeann siad cothromas. Tuigeann siad forlámhas. Tá siad cleachtaithe leis sin, ach tá na laethanta sin thart. Níl muidne mar phobal ag dul ar ais chuig na laethanta sin," ar seisean.
"Gealladh ag Comhaontú Aoine an Chéasta go mbeadh gníomh diongbháilte ann. Tá dualgas reachtúil ann go ndéanfaidh an Roinn Oideachais beart diongbháilte do na páistí seo. Níl siad ag déanamh beart de réir a mbriathar.
"Tá fás as cuimse ag teacht ar an Ghaelscolaíocht. Níl an DUP ábalta sin a shéanadh nó an taoide sin a stopadh. Tá rabharta teanga ag teacht i dtreo agus tá muidne mar phobal ag dul a bheith ag seasamh leo céim ar chéim, go bródúil agus go glórach."
Ag caint leis faoi thoghchán na bliana seo chugainn, dúirt an tUasal Ó Tiarnaigh go mbeidh siad "ag dul amach chuig an phobal mar a rinne siad roimhe," agus go mbeidh siad ag iarraidh ar pháirtithe síniú suas do ghealltanais roimh an toghchán i mí na Bealtaine.
"Tá muid ag iarraidh comhionannais. Tagann sin fríd na caighdeáin Ghaeilge ón Choimisinéir. Tagann sin le cothrom na Féinne do dhaoine óga, do mhúinteoirí tacaíochta, do mhúinteoirí sainriachtanais, múinteoirí ó thaobh an obair óige taobh amuigh den seomra ranga. Beidh na rudaí sin mar éilimh shoiléire ag pobal s'againne do gach páirtí," ar seisean.
"Ba cheart go mbeadh straitéis againn don Ghaeilge. Níl sin againn mar gheall ar chosc a chuir an DUP agus eile air sin. Níl bille Gaelscolaíochta mar gheall ar chosc a chuir an DUP agus an UUP air sin. Ach tá muidne fós anseo agus tá muid ag dul ó neart go neart. Rachaidh muid amach chomh fada agus gur féidir linn chun ár bpobal a chur chun cinn. Ní ligfidh muid do na biogóidí cos ar bolg a dhéanamh orainn níos mó."
Ag freagairt ceiste i mBéarla, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin "go bhfuarthas comhairle ar an bhille sa phobal Gaeilge agus san earnáil Gaelscolaíochta."
"Bhí deis ann do dhaoine a bhí in éadan an bhille seo seo díospóireacht a dhéanamh air agus leasaithe a mholadh," ar seisean, "ach chonaic muid úsáid shoiniciúil d'achainí ar bhonn ábhar buartha, rud a bhí deartha chun mionlaigh a chosaint, ach ar baineadh úsáid as anseo in éadan ceann de na mionlaigh is imeallaithe dá bhfuil ann san earnáil oideachais.
Rinne an bheirt tagairt do scannal Líofa i 2016, nuair a ghearr an tAire Pobail ag an am Paul Givan £50,000 ón scéim.
Arsa Mac Giolla Bhéin, "Rinneadh go leor comparáide idir seo agus Líofa i 2016, agus sílim gur theip ar an DUP na ceachtanna a fhoghlaim, mar cad é a tharla ina dhiaidh sin? Tháinig freagra cuimsitheach ón phobal as a d'eascair Ré Nua Cur Chuige Nua agus Acht Gaeilge.
"Tarlóidh an rud céanna anseo. Níl daoine ag dul áit ar bith. Beidh daoine feargach faoi seo go fóill agus leanfaidh siad ar aghaidh ag brú comhionannais laistigh den earnáil oideachais a bhfuil imeallú déanta aici orthu go dtí seo."




