FUAIR roinnt comhlachtaí as Béal Feirste aitheantas ag Gradaim Gnó na hÉireann de chuid Ghlór na nGael an tseachtain seo caite. 

Tugann na Gradaim aitheantas do ghnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn ina gcuid oibre agus a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí.

Rinneadh moltóireacht ar na 157 gnólacht ar fad. Bronnadh 361 gradam catagóire san iomlán orthu sna trí réimse a ndéantar measúnú orthu: comharthaíocht, margaíocht agus brandáil, agus seirbhís i nGaeilge. Bhí gradaim óir, airgid agus cré-umha san áireamh sna torthaí.

Fuair An Ceathrú Póílí bonn óir in achan chatagóir. Tá clú agus cáil ar an siopa leabhair atá lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich as a réimse leathán de leabhair agus a seirbhís chroíúil. Fuair Spórtlann CIC ar Bhóthar na bhFál bonn óir in achan chatagóir chomh maith. 

Fuair Tí Mhadáin bonn óir as a gcuid seirbhíse i nGaeilge, amhlaidh Cormac 'Buzz' Ó Briain agus a chuid ranganna Na Gaeil A Buzz. 

Aithníodh an MAC le bonn airgid dá gcuid comharthaíochta, agus dá gcuid seirbhíse, agus le bonn cré-umha dá gcuid margaíochta agus bhrandála.

Fuair an gnó éadaí Beir Bua bonn óir do mhargaíocht agus do bhrandáil agus bonn óir gá gcuid seirbhíse, agus bhí Cleamairí Feirste mar an gcéanna.

Fuair an t-ealaíontóir bonn cré-umha as a chuid seirbhíse i nGaeilge, agus fuair Neighbourhood Café i gCeathrú na hArdeaglaise bonn cré-umha as a gcuid margaíochta agus bhrandála agus a gcuid seirbhíse. 

Ghabh Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Gnó le Glór na nGael, a chomhghairdeas leis na comhlachtaí ar fad.

"Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na 157 gnólacht ar fad a fuair aitheantas GRADAIM i mbliana. Léiríonn a rannpháirtíocht an tiomantas atá ag gnólachtaí ar fud na hÉireann an Ghaeilge a chur i gcroílár a gcuid oibre agus fáilte a chur roimh chustaiméirí trí Ghaeilge."

"Le linn na moltóireachta, chonaiceamar an obair phraiticiúil agus an díograis atá á léiriú ag na gnólachtaí seo. Is buntáiste don ghnó agus don phobal í an Ghaeilge, agus is cúis áthais dúinn go bhfuil an obair seo á haithint agus á ceiliúradh ar leibhéal náisiúnta."