Beidh Stiúrthóir Fhís an Phobail agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, ag triall ar Nua-Eabhrac chun airgead a thiomsú do thógáil an fhoirgnimh úir s'acu, Croí na Carraige.

Bhí dhá imeacht ag an ghrúpa i gCeanada i mí an Mhárta, i Montréal agus i Toronto. Chinn siad pilleadh ar Nua Eabhrac agus imeacht eile a chur ar siúl ansin.

"Chuaigh muid amach i mí an Mheithimh i 2025 agus d'eagraigh muid ócáid in Rosie O'Grady's in Manhattan. Chothaigh muid naisc leathana le gníomhaithe agus daoine éagsúla ó fud fad Mheiriceá," arsa Mac Giolla Bhéin.

"Bhí muid ag iarraidh deis a thabhairt do Ghaeil agus do dhaoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí teanga agus in obair Ghlór na Móna trí chéile a bheith ag tacú leis an tionscadal."

View this post on Instagram

A post shared by Glór na Móna (@glornamona)

Is é an tionscadal atá i gceist ná 'Tógáil Croí na Carraige,' feachtas an ghrúpa chun foirgneamh úr a thógáil ar a suíomh ar Bhóthar na Carraige Báine. 

"Tá muidne san fhoirgneamh chéanna ó 2016," arsa Mac Giolla Bhéin, "agus ba léir ón chéad lá riamh nach raibh go leor spáis ansin dúinn, go raibh muid thar a bheith teoranta i dtaobh an spáis de agus go raibh soláthar nua de dhíth orainn chun freastal ar na tionscadail agus an daoine óga atá ag triall ar Ghlór na Móna."

Deir Mac Giolla Bhéin go bhfuil an "dearadh uilig déanta" agus go bhfuil "a lán den mhaoiniú faighte" ach go bhfuil siad píosa beag siar ón sprioc atá acu. 

"Bhailigh muid £425,000, rud atá gan fasach dar linn, ó thaobh gníomhaíochtaí ón phobal. B'éigean dúinn sin a dhéanamh mar gheall ar easpa infheistíochta go háirithe ó na ranna stáit ó thuaidh.

"Tá Comhairle Bhéal Feirste ina chrann taca ollmhór, bhí an Ciste Infheistíochta agus an Roinn ó dheas an-chuidiúil, ach tá ganntanas ann ó thuaidh, go háirithe ón Roinn Pobail nach bhfuair muid airgead ar bith uathu go fóill."

Thug Kneecap cuid den fháltais óna cheolchoirm i mí Lúnasa don tionscadal, agus deir Mac Giolla Bhéin go bhfuil an grúpa "ag treabhadh leo agus ag coinneáil súl ar an sprioc" agus go bhfuil siad "tiomanta go dtógfar an foirgneamh seo."

Deir sé go bhfuil iarratas beo ag an ghrúpa leis an Roinn Pobail ach nach bhfuil siad "ag suí ar a gcosa."

"Ba mhaith linn go dtosofar ar an tógáil go luath sa bhliain úr. Tá dualgas orainn go bhfuil an t-airgead uilig istigh chun ligean do na hailtirí na conraitheoirí a cheapadh."

Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh bearnaí san earnáil anseo ar chóir a líonadh blianta ó shin. Tharraing sé ar a thaithí féin ag fás aníos in Iarthar Bhéal Feirste.

"Fuair mé mo chuid oideachais i mbotháin nuair a bhí mé i mBunscoil Phobail Feirste. Bhí mé i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach mar scoil nuair a bhí Meánscoil Feirste lonnaithe sa Chultúrlann.

"Dúradh linn ina dhiaidh sin go raibh ré úr ann don chomhionannas don Ghaeilge agus go mbeadh aitheantas ann. Sa lá atá inniu ann tá. muidne go fóill ag soláthar tionscadal i mbotháin. Tá Sólas na nÓg á reáchtáil i mbotháin. Tá caifé s'againne á reáchtáil i mbothán. Tá an foirgneamh atá againn i bhfad ró-bheag don ráchairt atá air. 

"Tá an cumann óige lán-Ghaeilge is mó ó thuaidh againn agus tá na páistí brúite isteach i seomra agus foirgneamh atá ró-bheag."

Dúirt Mac Giolla Bhéin go bhfuil na rudaí seo "ag cur brú ar a gcumas freastal ar riachtanais an phobail" mar go gcaithfidh siad "airgead a chur ar leataobh chun cíos a íoc" mar nach dtig leo rudaí áirithe a dhéanamh ina bhfoirgneamh féin. 

"Tá uaillmhian ard againn don phobal seo agus creideann muid go bhfuil an chuid is fearr tuillte againn. Tá muid ag iarraidh an foirgneamh is fearr a thógáil don phobal."

Dúirt sé go mbaineann "gné láidir" den togra "le scéal an phobail a insint" agus go mbeidh "stair idirghníomhach" mar chuid den fhoirgneamh, agus go bhfuil "an-suim ag daoine i gceist na Gaeilge" i Meiriceá agus ar fud an domhain. 

"Tá muidne ag iarraidh feidhm praiticiúil a thabhairt dó sin agus a rá le daoine gur bealach é seo a dtig le daoine tacú le tionscadal atá ag déanamh difir."

Dúirt Mac Giolla Bhéin go bhfuil an nasc leis na Gaeil-Mheiriceánaigh tábhachtach ar thionscadail mar seo. Dúirt sé gur minic a bhíonn sé féin ag glacadh cuairteoirí as tíortha eile go Glór na Móna agus go míníonn sé an obair atá idir lámha ag an ghrúpaí pobail daofa, a "théann go mór i bhfeidhm orthu" dar leis. Seolfaidh sé craobh úr de chuid Chonradh na Gaeilge i Manhattan nuair a bhéas sé amuigh fosta.

"Tá níos mó daoine fiosrach faoin teanga agus faoin oidhreacht," ar seisean, "agus tá súil againn go mbeidh muid ábalta a mhíniú daofa gur ar thionscadail mar seo atá athbheochan na Gaeilge tógtha, agus go bhfuil bealach acu anois chun tacú leis an chéad ghlúin eile."

"Tá an t-idirnáisiúnachas fréamhaithe san obair s'againne," ar seisean.