Deir Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil "dlúthpháirtíocht thar a bheith tábhachtach" idir ghrúpaí mionteangacha ar fud na hEorpa.
Bhí Julian de Spáinn ag caint leis an Andersonstown News Dé hAoine mar a bhí Ardfheis ELEN ar siúl i mBéal Feirste. Is eagraíocht idirnáisiúnta neamhrialtasach é ELEN a oibríonn chun mionteangacha na hEorpa a chothú, a chosaint agus a chaomhnú.
"Is iontach go bhfuil Ardfheis ELEN i mBéal Feirste agus go bhfuil gníomhaithe teanga ó fud fad na hEorpa anseo chun rudaí comónta a phlé agus chun teacht ar bhealaí le chéile," ar seisean.
"Tá dlúthpháirtíocht thar a bheith tábhachtach san obair atá ar siúl againn."
Chaith ionadaithe ó ghrúpaí mionteangacha an deireadh seachtaine i mBéal Feirste ag plé na ndúshlán atá rompu agus ag smaoineamh ar dhóigheanna agus ar straitéisí chun a dteangacha a chur chun cinn.

"Tá sé fíorthábhachtach go mbíonn grúpaí ag teacht le chéile. Ní hamháin go mbíonn muid ag cloisteáil faoi na rudaí atá ag dul ar aghaidh sna tíortha eile, bíonn muid ag foghlaim óna chéile agus faigheann muid misneach óna chéile chomh maith.
"Tuigeann muid go bhfuil daoine sa bhád céanna maidir le brú ó thaobh na gceart de, agus go bhfuil muid ar fad ag iarraidh a bheith chun tosaigh air sin ar fad."
Bíonn ELEN ag feidhmiú ar bhonn tras-Eorpach. Bhí ionadaithe ó áiteacha cosúil le Tír na mBascach, ón Chatalóin agus ón Bhriotais, agus go leor tíortha eile i láthair ag an chomhdháil. Deir an Spáinneach go bhfuil sé tábhachtach do na grúpaí teacht le chéile agus a bheith ag smaoineamh ar an chomhthéacs polaitiúla do chearta teanga.
"Tá taobh an-tábhachtach don obair seo ar fad, taobh pholaitiúil. Is féidir linn eagrú le chéile chun dul i bhfeidhm ar an Eoraip trí chéile. Ar scáth a chéile a mhaireann muid ar fad. Más féidir linn an obair seo a thabhairt tríd chuig na polaiteoirí beidh sé mar bhuntáiste dúinn ar fad."



