Cuireadh síos ar Bhéal Feirste mar "cheann scríbe na hEorpa d'athbheochan na teanga" agus comhdháil ELEN ar siúl sa chathair.
Roghnaíodh Béal Feirste mar láthair d’Ard-Fheis ELEN (Greasán um Chomhionannas do na Teangacha Eorpacha) ag an mhór-chomhdháil anuraidh in Barcelona mar aitheantas ar athbheochan agus athghábháil na Gaeilge sa chathair le blianta anuas. Tá an Ard-Fhéis á hóstáil i mBéal Feirste ag Conradh na Gaeilge agus ag Fís an Phobail.
Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil "feachtas pobail agus athnuachana teanga Bhéal Feirste aitheanta mar eiseamláir chumhachtach do ghluaiseacht teanga mionlaithe ag teacht i réim in athuair i gcomhthéacs dúshláin mhór pholaitiúla agus shóisialta."
Tá moltaí á ndéanamh ag ELEN do Chreatlach úr Straitéiseach san Aontas Eorpach do Theangacha Mionlaithe agus i mBaol, ina ndéanfar éileamh ar bheartais uaillmhianacha, chomhordaithe Eorpacha chun an éagsúlacht teanga a chosaint agus an meath teanga a aisiompú.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, gur onóir í an Ard-Fheis a óstáil sa chathair.
"Tugann sé aitheantas don dul chun cinn ollmhór atá déanta maidir le cearta agus comhionannas don Ghaeilge sa chathair le blianta anuas, tráth a bhfuil pobal na Gaeilge ag fás agus ag forbairt ó thuaidh trí chéile," ar seisean.
"Tháinig na hathruithe claochlaitheacha sin i réim a bhuí le hobair dhíograiseach ghníomhaithe teanga, tuismitheoirí agus páistí scoile a bhí tiománta aitheantas a bhaint amach mar shaoránaigh chothroma i stát agus i gcathair a rinne iarracht iad a imeallú agus a dteanga a dhíbirt."
Dúirt an tUasal Mac Giolla Bhéin gur tháinig an Ghaeilge "faoi bhláth arís, céim ar chéim," agus go bhfuil sí anois "mar theanga infheicthe inrochtana pobail ar fud na cathrach."
Ar seisean, "Chuir an athnuachan Béal Feirste ar an léarscáil mar eiseamláir dhea-chleachtais d’athbheochan teanga pobalbhunaithe. Le linn an aistir sin fuair muid tacaíocht leanúnach agus spreagadh iontach ónár gcairde i bpobail theanga mhionlaithe ar fud na hEorpa.
"Tugann an Ard-Fheis seo deis dúinn nacomhchaidrimh sin a neartú, dea-chleachtas a roinnt agus an chomhfhoghlaim a bhuanú do na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn uilig."
Dúirt an tOllamh Elin Haf Gruffydd Jones, Uachtarán ELEN agus Stiúrthóir an Ionaid um Ard-Staidéar Ceilteach agus na Breatnáise ag Ollscoil na Breataine Bige, go bhfuil fás na Gaeilge ó thuaidh "ina scéal ratha ollmhór i measc ghluaiseachta theangacha mionlaithe na hEorpa."
"Chinntigh gníomhachas pobail leanúnach achtú reachtaíochta nua don Ghaeilge agus breis-infheistíochta poiblí san oideachas agus sa chultúr. Tá bealach fada le dul go polaitiúil, ach is údar mór spreagtha é an méid atá bainte amach ag ár mbaill-eagraíochtaí sa ghort seo."
Fuair Iarthar Bhéal Feirste stádas mar líonra pleanála teanga sa bhliain 2022 chomh maith le ceithre líonra eile, agus ba é sin an chéad uair a bronnadh stádas oifigiúil ar cheantracha taobh amuigh den Ghaeltacht.



