Beidh teangacha mionlaigh na hEorpa faoi chaibidil i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine nuair a thiocfas Ard-Fheis ELEN chun na cathrach. 

Déanann ELEN (Greasán um Chomhionannas do na Teangacha Eorpacha) ionadaíocht mar scáthghrúpa ar 183 ball-eagraíocht a chuimsíonn 51 teanga idir 25 stát Eorpach. Tá sé mar sprioc ag ELEN teangacha mionlaithe agus teanga atá i mbaol san Eoraip a chosaint agus a chur chun cinn agus a chosaint. 

Tá an Ard-Fhéis á hóstáil san Óstán Europa i mBéal Feirste ag Conradh na Gaeilge agus ag Fís an Phobail, atá mar bhallghrúpa fad-bhunaithe den scáth-eagraíocht Eorpach. Tháinig an Ard-Fheis chun na hÉireann in 2018 nuair a reachtáil Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath í.

Osclóidh an t-imeacht tráthnóna Dé hAoine san Óstán Europa le fáilte agus le cur i láthair ón Ollamh Conchúr Ó Giollagain ar athbheochan teangacha san Albain, agus ó Elin Maher faoi theaghlaigh dídeanaithe agus teaghlaigh ón tromlach domhanda faoin oideachas trí Mheán na Breatnaise.

Beidh cainteanna agus cur i láthair suimiúla ann i rith thráthnóna Dé hAoine, sula mbailíonn toscairí le chéile ag Halla na Cathrach fá choinne fáiltiú oifigiúil ón Ard Mhéara, Róis-Máire Donnelly. 

Tabharfaidh an tOllamh Nicolas Levrat, Rapporteur Speisialta um Chearta Mionlaigh leis na Náisiún Aontaithe, príomhchaint na hArd-Fheise maidin Shathairn. Déanfaidh an tOllamh Levrat plé ar thuairisc dá chuid, a fhoilseofar go luath, ina déantar measúnú criticiúil ar theip an Aontais Eorpaigh gníomh dóthanach a dhéanamh chun teangacha mionlaithe a chosaint agus cearta lucht labhartha na dteangacha sin a dhaingniú.

Táthar ag súil leis go gcuirfidh moltaí na tuairisce sin go mór le héilimh fhadbhunaithe ELEN go dtógfaí isteach creatlach cosanta Eorpach níos láidre agus níos cuimsithí do na teanga mionlaithe faoi chaibidil. 

Beidh painéil chainte ann le linn an lae Dé Sathairn maidir le teangacha atá i mbaol, feachtais de chuid Chonradh na Gaeilge agus cásanna na mballtíortha. Tiocfaidh cainteoirí ar nós an tOllamh Elin Haf Gruffydd Jones, Uachtarán ELEN, Ciarán Mac Giolla Bheinn, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus an tOllamh Vesna Crnić-Grotić, Coiste na Saineolaithe, Comhairle na hEorpa le chéile chun plé a dhéanamh ar roinnt de na ceisteanna is mó roimh phobal na mionteangacha. 

Cuirfear deireadh leis an Ard Fheis le dinnéar ceiliúrtha sa Chultúrlann agus siamsaíocht le Mali Haf, Stiofán Ó Luachráin, Catríona Ní Ghribín agus Miadhachlughain Ní Dhomhnaill.

Tá clár na hArd Fheise ar fáil ina iomláine ar líne.