Fuair an Dr Gordon McCoy bás ar an 13 Samhain 2025. Fear mór i saol na Gaeilge i mBéal Feirste a bhí ann, a raibh cuid mhór leabhair staire agus leabhair Ghaeilge scríofa aige.

Seans gurb é 'Protastúnaigh agus an Ghaeilge' a leabhar is cáiliúla, agus bhí baint mhór aige leis an tionscadal Turas in Oirthear Bhéal Feirste. Bliain i ndiaidh dó bás a fháil, tá an tionscadal céanna ag cur tús le léacht bhliantúil i gcuimhne air. 

"Bhí sé ar intinn againn imeacht éigin a chur ar siúl i mbliana in ómós do Ghordon," arsa Niall Páirc, Leasbhainisteoir Turas.

"Shocraigh muid léacht a chur le chéile a bhéas ina léacht bhliantúil as seo amach."

Is é Roy Greer a thabharfas an chéad léacht chuimhneacháin bhliantúil in ómós do Gordon McCoy, 'Con O'Neill: Last Gaelic Lord of Upper Clannaboy.'

Is múinteoir, staraí agus scríbhneoir é an tUasal Greer agus roinnfidh sé stair Chlann Uí Néill óna gcéadlaethanta in iarthuaisceart Chúige Uladh, a lorg ar chontae Aontroma agus ar chontae an Dúin, agus a mblianta deireanacha faoi stiúir Chon Uí Néill agus teacht na lonnaitheoirí Albanacha sa bhliain 1606. 

"Chuir Gordon go mór le taighde Roy nuair a bhí sé ag scríobh a leabhair faoi Chon Ó Néill," arsa Niall.

"Seo rud amháin a chuir Gordon suim ann! Beidh liosta de dhíth orainn as seo amach ar cén ábhar a bhéas á phlé ó shuimeanna Ghordon."

"Cha raibh an deis agam bualadh le Gordon sula bhfuair sé bás," arsa Niall, "ach mothaíonn tú láthair Ghordon i dTuras i gcónaí."

Bíonn turas bus a bhfuil an-éileamh air á reáchtáil ag an ionad, agus tarraingíonn an chéad léacht seo ar ábhar an turais sin a raibh an-suim ag Gordon ann.

"Bíonn muid i gcónaí ag plé athbheochan na Gaeilge in oirthear na cathrach, ach cha mbeadh an méid sin ann gan Gordon. Chuir sé go mór leis an phobal anseo, ag tógáil airde ar an stair go háirithe. Sin í an chéad nasc le Turas do go leor daoine," arsa Niall.

"B'fhéidir nach bhfuil suim acu sa Ghaeilge ach tá sa stair. Foghlaimíonn siad ar na turais bhus cé chomh Gaelach is a bhí an chuid seo den chathair. 

"Cha dtiocfadh liomsa dul don obair atá mé ag dul dó faoi láthair gan an tionchar a bhí ag Gordon ar an obair seo i dTuras."

Beidh an léacht i mBéarla, agus deir Niall gur mhaith leo cuireadh a thabhairt do dhaoine a d'oibrigh le Gordon ar thionscadail éagsúla i rith a shaoil.

"Tá muid ag iarraidh fáilte mhór a chur roimh dhaoine a raibh seanaithne acu ar Ghordon  nó a raibh seanaithne aige féin orthu. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach dúinn."

Beidh an chéad léacht chuimhneacháin bhliaintúil in ómós do Gordon McCoy ar siúl san Ionad Skainos ar an 27 Samhain 2026 ar 7i.n. Is féidir clárú tríd ríomhphost niall.pairc@ebm.org.uk