Tá Coimisinéir na Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds, ag ceiliúradh bliana ina ról mar an chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh. 

Rinneadh foráil don Choimsinéir faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022, agus bunaíodh Oifig an Choimisinéara i mí na Samhna 2025. 

Is é an phríomhaidhm atá ag an Choimisinéir Gaeilge ná úsáid na Gaeilge sna húdaráis phoiblí a chothú agus a chosaint agus iad ag soláthar seirbhísí don phobal nó do sciar den phobal i dTuaisceart Éireann.

Ag scríobh leis ar líne, dúirt an Coimisinéir go raibh "bliain ghnóthach chorraitheach ag Oifig an chéad Choimisinéara Gaeilge."

"Tá mé thar a bheith buíoch as an tacaíocht ar fad agus as an méid suime a léiriodh inár gcuid oibre thar an chéad bhliain. Tá muid dírithe go leanúnach - agus go diongbháilte - ar chothú agus ar chosaint úsáid na Gaeilge sa saol poiblí agus tá muid ag súil go mór leis an chéad chaibidil eile!" a chríochnaigh sé.

Tá an tUasal Deeds ag dréachtú caighdeán ar an dea-chleachtas d'údaráis phoiblí, agus dúirt sé gurb é "an chéad chéim eile inár n-aistear ná tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar na Dréachtaí Caighdeán – coinnigh súil ar an spás seo."

Sheol Oifig an Choimisinéara nuachtlitir ag deireadh na míosa seo caite chomh maith, atá mar aidhm aici an pobal a "choinneáil ar an eolas" faoin obair s'acu "a bhaineann le caidrimh dhearfacha a chothú leis na húdaráis phoiblí, le páirtithe leasmhara agus leis an phobal i gcoitinne."

"Fríd an nuachtlitir seo," a scríobhann siad, "gheobhaidh tú an t-eolas is déanaí ar an obair s’againn, ar fhorbairt na gcaighdeán dea-chleachtais agus scéala eile ó earnáil na Gaeilge ar fad."

Deir an tUasal Deeds gur "cuid lárnach í an Ghaeilge den tírdhreach cultúrtha agus teanga s’againn."

"Tá muid ag dúil go mór le bheith ag obair le heagraíochtaí agus pobail le dea-chleachtas a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt ionas go mbeidh deiseanna níos fearr ann an Ghaeilge a fheiceáil, a chluinstin agus a úsáid sa tsaol phoiblí," a chríochnaíonn sé a chuid phíosa.