Pléadh Bóthar Gharbh Achaidh agus Droim Crí ag an chomhdháil ELEN Dé hAoine, a bhí ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair.
Reáchtáil Conradh na Gaeilge an chomhdháil i gcomhoibriú leis an líonra pleanála teanga d'Iarthar Bhéal Feirste, Fís an Phobail.
Ba é Daniel Holder a thug an chaint I mBéarla dar teideal "Balancing Competing Rights: Parading, Counter Protest and the Boundaries of Cultural Dominance by Force?" Is stiúrthóir é ar an Choiste um Riarachán Dlí agus Cirt (CAJ).
Chuir an tUasal Holder síos ar an tsáinn dá raibh i láthair ar dtús. Mhínigh sé an comhthéacs polaitiúil agus an stair a bhain le mian an Ord Oráistigh máirseáil ar Bhóthar Gharbh Achaidh, agus cad chuige a raibh cónaitheoirí in éadan na máirseála.

Ag caint i mBéarla, dúirt an tUasal Holder gurb é Droim Crí "rud amháin a bhí ar an nuacht idirnáisiúnta ón Tuaisceart" agus gurb é an rud eile a bhí ar an nuacht idirnáisiúnta ná na círéibeacha ciníocha le linn an tsamhraidh.
Chuir sé síos ar an Ord Oráisteach mar an "Ord is mó as na hOird dhílse" agus mhínigh sé don lucht féachana cad é go díreach a bhí i gceist leis sin. Amhlaidh Breandán Mac Cionnaith in Iarthar Bhéal Feirste oíche Dhéardaoin cheangail sé bunú an Oird Oráistigh le bunú na nÉireannach Aontaithe.
"Tá mílte máirseálaí gach bliain ag an Ord Oráisteach," ar seisean, "agus tá sé iontach gníomhach go fóill."
"Bhí ról lárnach ag an Ord i stát Thuaisceart Éireann idir 1921 agus 1972," a mhínigh sé. Dúirt sé go raibh seanstát an tuaiscirt ag feidhmiú ar bhealach "aoneitneach agus aonchultúr" go dtí gur síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Dúirt an tUasal Holder go raibh "díothú na Gaeilge" mar chuid den "tionscadal coilíneach" roimh bhunadh an tuaiscirt mar "stát mona-chultúrtha" ach gur "ceist mheasctha a bhí ann."
"Bhí baill an Ord Oráistigh ag deireadh an naoú haois déag agus tús an fichiú haois ag cur na Gaeilge chun cinn. Tháinig deireadh leis sin le bunadh an tuaiscirt mar stát aonteangach agus aonchultúr," ar seisean.
Mhínigh sé an ráiteas a chuir an CAJ amach leis an Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chearta Daonna faoi Dhroim Crí.
"Tá dualgas ar na húdaráis cearta a láimhseáil maidir le cruinnithe síochánta do mhairseálaithe Protastúnacha an Ord Oráistigh agus frithagóideoirí, agus cearta na gcónaitheoirí maidir le saol saor ó chiapadh seicteach a bheith acu," a dúirt céad chuid den ráiteas sin.
Chuaigh sé ar aghaidh agus mhínigh sé stair na paráide sna nóchaidí. Luaigh sé básanna Rosemary Nelson, Michael McGoldrick, Robert Hamill agus Dermot McShane.
Mhínigh sé bunadh Choimisiún na Mórshiúlta, agus dúirt sé gur diúltaíodh gach iarratas do Mhórshiúl Dhroim Crí ó bhí 1998 ann, go dtí iarratas na bliana seo. Mhínigh sé cás na bliana seo, ó chéad chinneadh an choimisiúin sa samhradh go cinneadh an Rúnaí Stáit Chris Bryant chun cosc a chur ar an mhórshiúl.
Mhínigh sé Alt 11 den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an "ceart um saoirse tionóil" agus an bhaint a bhí aige sin leis an fhrithagóid ar Bhóthar Gharbh Achaidh.
"Deir Comhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe gur cineál ciníochais é seicteachas i dTuaisceart Éireann," ar seisean.
Rinne sé nasc idir cás Dhroim Crí agus cásanna mórshiúlta eile ar fud an domhain, ar nós Skokie sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1977 agus cás na Magyar Gárda san Ungáir.
Dúirt sé go raibh "ról lárnach" ag an Ord Oráisteach sa stát nuair a bhí sé "aonchultúrtha," agus mhínigh sé bunreacht an Ord Oráistigh sa lá atá inniu ann. D'ardaigh sé ceisteanna faoi mhian an Oird siúl ar an bhóthar agus chríochnaigh sé le ceisteanna don lucht féachana maidir le tionchar na n-imeachtaí seo ar phobail.
Cuireadh ceist air maidir le seasamh an Ord Oráistigh ar chomharthaí dátheangacha i bPort a' Dúnáin, agus dúirt sé gur "leithscéal" a bhí san argóint go ndéanfadh "Gaeilge agus comharthaí Gaeilge damáiste do chaidrimh sa phobal."



