Deir Uachtarán ELEN, an tOllamh Elin Haf Gruffydd Jones, gur sampla "thar a bheith dearfach" é Béal Feirste maidir le gníomhaíochas teanga.

Bhí an tOllamh Gruffydd Jones ag caint leis an Andersonstown News le linn Ardfheis ELEN a bhí ar siúl i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.  

Is ollamh í Jones ar Ollscoil na Breataine Bige, an Tríonóid - Naomh Dáibhí, agus is stiúrthóir í ar Ionad Staidéir na Ceiltíse agus Breatnaise san ollscoil.

Ag caint i mBéarla, dúirt an tOllamh Gruffydd Jones go "gcreideann ELEN go láidir gur chóir gníomhaithe agus anailísithe a thabhairt le chéile," ag ócáidí ar nós na Ardfheise.

"Creideann muid go bhfuil peirspictíocht anailíseach ag gluaiseachtaí shóisialta agus go bhfuil dearcadh na ngníomhaithe de dhíth ar lucht na hanailíse.

"Tá muid iontach bródúil gur féidir linn an dá eilimint sin a thabhairt le chéile anseo.:

Dúirt an tOllamh Gruffydd Jones go raibh sí "iontach bródúil" as an chlár a cuireadh le chéile d'Ardfheis na bliana seo agus gur léirigh sé "nach rud teangeolaíochta atá sna teangacha ach rud sóisialta, sochaíoch, eacnamaíoch" agus go mbaineann sé le go leor gnéithe éagsúla.

"Ar ndóighe tá sé thar a bheith tábhachtach creatlach dhlíthiúil a bheith againn, ach tá sé chomh tábhachtach céanna sochaí láidir de ghníomhaithe a bheith againn," ar sise. 

Dúirt sí go raibh sé mar sprioc ag ELEN go bhfoghlaimeodh grúpaí ó thíortha éagsúla óna chéile agus go gcuirfeadh siad aithne ní b'fhearr ar a chéile agus "teagmhálacha fadtéarmacha" a fhorbairt. 

"Is féidir le do thaithí féin frustrachas a chur ort," ar sise, "agus is féidir leis sin a bheith uaigneach. Ach le fírinne is eispéireas idirnáisiúnta é."

"Tháinig daoine ó Cymdeithas yr Iaith anseo sna hochtóidí, agus bhíodh naisc láidre idir an Bhreatain Bheag agus Éire i gcónaí, agus go háirithe idir an chuid seo tíre i mBéal Feirste. 

"Is iontach an dul chun cinn atá déanta anseo ó shin. Is cuimhin liom nuair a bhí cumann teanga na Breatnaise ag tiomsú airgid don mheánscoil anseo i mBéal Feirste. Tá dlúthpháirtíocht láidir ann bunaithe ar ghníomhaithe ag obair le chéile chun leas a chéile."

Mhol sí fás na teanga i mBéal Feirste agus obair na ndaoine a chuir leis an ghluaiseacht teanga. Dúirt sí go raibh na luachanna céanna le feiceáil sna grúpaí eile atá mar chuid de ELEN.

"D'fhás an teanga anseo i dtimpeallacht uirbeach an lucht oibre, i ngluaiseachtaí pobail agus sóisialta," ar sise.

"Tá a fhios againn go bhfuil gluaiseachtaí na cosmhuintire de dhíth ar theanga chun maireachtáil," ar sise. Dúirt sí go bhfaca sí féin agus grúpaí éagsúla "rud éigin thar a bheith dearfach" ag amharc ar ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste "ón taobh amuigh."

Ag caint léi faoi athruithe polaitiúla, dúirt an tOllamh Gruffydd Jones go gcaithfidh athruithe polaitiúla agus gníomhaíochas teacht lámh ar lámh le chéile.

"Caithfidh beart theacht i ndiaidh an ghníomhaíochais. Is é an rud atá uainn ná gur modhanna maireachtála iad ár dteangacha. Chuige sin, caithfidh tú a bheith in ann a bheith ag obair sa teanga sin, ag fáil seirbhísí sa teanga sin, ag dul ar scoil sa teanga sin, bualadh le daoine, na gnáthrudaí uilig a dhéanann daoine."