Bhuail baill de chuid Cliftonville FC le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge Dé hAoine chun dátheangachas sa chlub a phlé. 

Bhuail Conall Ó Máirtín, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, agus Gearóid Trimble leis hionadaithe chlub, agus deir Cliftonville go bhfuil "pleananna iontacha" acu leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge i láthair ag an chruinniú chomh maith.

Tá lorg na Gaeilge le feiceáil sa chlub cheana féin. Bíonn "Ceannródaithe na hÉireann" in úsáid acu ar ábhar margaíochta mar chomhartha ar an stádas atá acu mar an club is sine in Éirinn. 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge gur "scéal iontach dearfach é."

"Tá Cliftonville ar an chlub is sine in Éirinn. Bhuail siad linn agus le Foras na Gaeilge. Tá siad ag iarraidh amharc ar bhealaí leis an Ghaeilge a chur chun cinn. 

"Tá siad ag iarraidh comharthaíocht dhátheangach a chur chun tosaigh ar fud fad Solitude."

Deir an tUasal Ó Muadaigh gur bhuail sé le baill bhoird Cliftonville atá "iontach spreagtha faoi agus iontach tugtha dó."

Deir Cliftonville gur chóir do dhaoine "súil a choinneáil amach" do phleananna leis an Ghaeilge amach anseo.