Tá Cumann Chluain Árd deich mbliana agus ceithre scór bliain d'aois i mbliana, agus déanfar ceiliúradh ar an éacht sin Dé Sathairn seo le lá lán imeachtaí.
Beidh painéal cainte ann ar a 1.00i.n. sa chumann. Beidh Marcas Ó Murchú mar chathaoirleach ar an chaint agus déanfaidh Diarmuid Ua Bruadair, April Ní hÍr, agus an Coimisinéir Gaeilge Pól Deeds plé ar an cheist 'Dá mbeadh cead cainte ag an Ghaeilge...'
Tabharfaidh an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin an phríomhchaint ar chur chun cinn na mionteangacha agus ar "chosaint phobal urlabhra na Gaeilge san am atá le teacht" ag a trí agus beidh airnéal ann ó 16.00 ar aghaidh.
View this post on Instagram
Deir Eoghan Press, a oibríonn mar mhúinteoir sa chumann go bhfuil sé ar dóigh gur mhair an cumann na blianta.
"Tá na ranganna ag dul go fóill, imeachtaí agus tá cuid mhór daoine ag teacht isteach.
"Mhair sé mar gheall ar na baill a tháinig romhainn a chur na Gaeilge chun cinn. Daoine ar nós mhuintir Bhóthar Seoighe, m'athair Séamus, Séamus Ó Donnghaile, Máirtín Mac Grianna, Seán Mac Aindreasa agus ar ndóighe Albert Fry."
Tá Albert Fry cúig bliana marbh i mbliana, agus tá á lorg le mothú go fóill sa chumann.
"Tá daoine sa lá atá inniu ann ag déanamh scoth na hoibre," arsa Eoghan. "Daoine ar nós Darán Ó Dochartaigh, mar shampla. Ach tá mé ag dúil go mór leis an deireadh seachtaine."




