Tá Foram na nÓg míshásta leis an dréacht-pholasaí úr d'obair óige, 'Stronger Futures,' a bhí amuigh ar chomhairliúchán le déanaí.
Dhruid an comhairliúchán Dé hAoine, agus bhí Foram na nÓg ag iarraidh ar dhaoine a n-aighneacht don Roinn Oideachais a shíniú. Bhí a n-aighneacht bunaithe ar An Chairt Óige a chuir daoine óga san earnáil le chéile.
Dúirt Dáire Mac Meanman, Oifigeach Cumarsáide agus Tionscadail le Foram na nÓg, go raibh siad iontach míshásta leis an dréachtpholasaí nuair a foilsíodh é ar dtús.
"D'fhoilsigh An Roinn Oideachais an dréachtpholasaí cúpla mí ó shin agus d'aithin muid nach raibh an Ghaeilge luaite ach uair amháin," ar seisean.
View this post on Instagram
Níl ach tagairt amháin don Ghaeilge sa dréachtpholasaí. Deir sé faoi pharagraf ar thacaíocht d'fhorbairt oibrithe san earnáil, "This should include, but not be limited to, the youth work curriculum (including through the medium of Irish)."
Deir Dáire gur bhuail foireann Fhoram na nÓg leis an Aire Oideachais, agus deir sé gur dúrádh leo "go mbeadh gach gné den lucht saothair d'earnáil na Gaeilge." Bhí toscaireacht ón ghrúpa os comhair an Choiste Oideachais.
"Is fiú a rá fosta gur ghlac muid páirt sna comhairliúcháin ar fad agus sna grúpaí fócais, le dhá bhliain, mar sin tá díomá orainn nach bhfuil an earnáil ach luaite uair amháin," ar seisean.
Bhí toscaireacht ón ghrúpa in Stormont dhá sheachtain ó shin chun bualadh leis an Choiste Oideachais agus buairimh a chur in iúl, agus bhuail siad le scoileanna agus grúpaí óige chun seo a phlé ina dhiaidh.
"D’fhoilsigh muid an aighneacht agus bhuail muid le scoileanna agus cumainn óige Gaeilge chun tuairimí agus freagraí s’acu a fháil ar an pholasaí nua," arsa Dáire.
Iarradh ráiteas ar An Roinn Oideachais.




