Nuair a fuair duine de na figiúirí is mó i bpobal na Gaeilge i mBéal Feirste bás go tobann, ní raibh a fhios ag a mhac croíbhriste go gcuirfeadh sé féin tús le haistear scríbhneoireachta a chríochnódh le leabhar staire ar leith a fhoilsiú.
Fuair Diarmuid Ó Tuama bás in 2023. Duine mór i saol na Gaeilge sa chathair a bhí i nDiarmuid, a raibh baint mhór aige le Bunscoil Phobal Feirste. Tá a mhac Séamus anois ina phríomhoide ar an scoil chéanna. D'fhoilsigh Séamus an leabhar 'Belfast: Béal Feirste: A Family Story of a Community's Struggle' i mí an Mhárta, agus deir sé go raibh poll tobann ina shaol nuair a cailleadh a athair.
"Bhí poll tobann agus bearna ollmhór ann. I ndiaidh dó bás a fháil bhí mé in oifig s'aige ar feadh seachtainí ag dul fríd cháipéisí agus obair agus taighde," ar seisean. "Bhí suim aige i gcónaí i stair an teaghlaigh agus thosaigh mé ag tógáil air sin."
Tháinig Séamus ar cháipéis a bhí idir lámha ag a athar, stair Bhéal Feirste ó pheirspictíocht na nGael siar go laethanta na Pleandála.
"Bhí mé ag iarraidh scéal m'athar a chur isteach sa scéal staire seo, in ómós dó, agus mhothaigh mé go raibh amlíne ag teacht le cuid mhaith den cháipéis a bhí ag m'áthair. Shíl mé go ndéanfainn iarracht an scéal teaghlaigh a chur fite fuaite na rudaí a bhí aige."
Aistear pearsanta a bhí sa phróiseas scríbhneoireachta, agus nocht Séamus rudaí faoin chlann nach raibh le fios riamh.
"Bhí mé ar thuras iontach pearsanta agus tháinig mé ar níos mó cáipéisí maidir leis an teaghlach agus ghlac sin mé go Corcaigh, cartlann mhíleata Bhaile Átha Cliath, cartlann mhíleata na Breataine in Londain agus bhí mé i nGlaschú fosta."
Thosaigh scéal Chlann Uí Thuama i gCorcaigh, agus deir Séamus gur dhúirt a athar gur "ball d'Airm na Breataine a bhí sa duine a tháinig aníos ó Chorcaigh ach níor luaigh sé níos mó ná sin."
Daniel a bhí ar an duine sin, agus nuair a thosaigh Séamus ar lorg tuilleadh eolais faoi deir sé gur osclaíodh "domhan eile ar fad."
"Thosaigh mé ag úsáid modhanna nua-aimseartha agus sa deireadh bhí mé in ann teacht ar chaipéisí s'aige d'Airm na Breataine.
"Scaoileadh é in Cairo ach sula ndeachaigh sé ann bhuail sé le bean as Béal Feirste. Phós siad agus bhí paistí acu. Cé go raibh Daniel in Airm na Breataine bhí sé ina Éireannach agus bhí Gaeilge aige. Bhí sé ina Chaitliceach fosta."
Thosaigh sé ag fáil amach níos mó faoina shin-sheanathair Paddy, a bhí sna Fianna, san IRB agus sna hÓglaigh. Nuair a síníodh an Conradh Angla-Éireannach bhí Paddy in éadan an chonartha.
D'fhiosraigh sé na pograim i mBéal Feirste agus an bhaint a bhí ag a sheanathair Séamus leo. D'oibrigh sé le staraithe áitiúla ar nós Tom Hartley agus Fearghal Mac Bhloscaidh chun an stair sin a nochtadh agus chun a bheith cruinn ar a chuid dátaí. Chuidigh siad leis "na carachtair a lonnú" sna tréimhsí ina mhair siad.
Deir sé go raibh a athair ar intinn aige i gcónaí.
"Bhí mé go mór ag iarraidh labhairt le m'athair le linn an phróisis, mar go bhfuair mé rudaí beaga amach nach raibh ar eolas ag an teaghlach. Bhí mé tógtha faoi sin ach ag an am chéanna an t-aon duine a mbeadh an tsuim chéanna acu ná m'athar nach raibh ann."
Fíonn an leabhar stair na hÉireann agus stair Chlann Uí Thuama, agus deir an t-údar go bpléitear go hoscailte le tréimhsí dhorcha i stair na tíre, An Gorta Mór, Pograim in éadan na gCaitliceach agus cogaí san áireamh.
"Achan áit ar thiontaigh mé le linn an scéil bhí bochtaineacht ann, agus fulaingt agus troid. Bhí m'athair ag iarraidh scéal Bhéal Feirste a insint ina thaighde féin agus rinne mo chuid taighde scéal m'athar iontach pearsanta dom.
In ainneoin an dorchadais, críochnaíonn an leabhar le "dóchas mar gheall ar an Ghaeilge."
"Sílim go bhfuil sé sin deas, mar bhí an leabhar féin lán cogaíochta! Críochnaíonn an leabhar le hathbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste agus le ról m'athar ann.
"Chuidigh sé go mór liom tuiscint a bheith agam maidir leis an áit a bhfuil mé féin mar fhear, mar athair, mar mhac. Bhí sé speisialta mé féin a chur isteach i mbróga mo shinsir."
Is féidir 'Belfast: Béal Feirste: A Family Story of a Community's Struggle' a cheannach anois.




