Tiocfaidh lucht éisteachta agus ceoltóirí le chéile i nGaoth Dobhair an geimhreadh seo mar a fhilleann Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a bheas ar siúl ón 27 Nollaig 2026 go dtí an 1 Eanáir 2027.
Beidh lorg na bhFeirsteach le feiceáil go láidir ar an Fhéile, ar chlár ina mbeidh ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus damhsa.
Lonnaithe i nGaeltacht iarthuaisceart Dhún na nGall, cuireann an Scoil Gheimhridh ceolchoirmeacha agus seisiúin cheoil ar fáil, chomh maith le ceithre lá de cheardlanna i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ón 28 go dtí an 31 Nollaig 2026. Tá sparánachtaí curtha ar fáil ag Tí Mhadáin, i gcomhoibriú le hAerfort Dhún na nGall, chun seachtar faoi 18 mbliana d'aois le freastal ar cheardlanna saor in aisce.
Beidh ceardlanna ar fáil ar an fheadóg mhór, feadóg stáin, na píobaí uilleann, fidil, cairdín, amhránaíocht, bainseó, maindilín, bodhrán, consairtín, cláirseach, giotár, basúcaí, agus damhsa ar an sean-nós.
Déanfar ceiliúradh ar cheoltóir as Béal Feirste nuair a chuirfidh Belfast TradFest 'Seán Maguire – Ómós' i láthair sa Social i nGaoth Dobhair ag 3 i.n. ar an 30 Nollaig.
Dúirt Cathal Ó Curráin, duine de na heagraithe, go bhfuil sé ag dúil go mór leis arís i mbliana.
"Tugann sé an bhliain úr isteach go deas," ar seisean. "A luaithe is a bheas dinnéar na Nollag ite agam beidh mé ag súil leis an Scoil Gheimhridh.
"Am deas atá ann den bhliain. Faigheann muid go leor daoine idirnáisiúnta agus teaghlaigh. Bionn daoine ag ceol agus ag comhrá lena chéile ag na ranganna agus ansin amuigh le chéile san oíche. Bíonn atmaisféar iontach ann."




