Beidh banna as Béal Feirste ag seinm gige stairiúla Dé Sathairn mar a bhuaileann siad ceol óna n-albam úr. 

Beidh The Shan Vans ag seinm i gClub Spóirt Uladh, nó an Ulster Sports Club, ar an tSráid Ard, agus deir Jake Óg Mac Siacais ón bhanna go bhfuil sé thar a bheith stairiúil ar fad.

"Níl a leithéid de headline slot déanta ag banna Gaeilge ariamh san fhoirgneamh sin. 

"Téann an Ulster Sports Club siar in stair na cathrach. Sa lá atá inniu ann is láthair iomráiteach í do cheol úrnua. Is athrú mór é sin ó na seanlaethanta. 

"Tá siad i ndiaidh roinnt bannaí móra a bheith acu sa chlub le blianta beaga anuas, ach is muidne an chéad bhanna le Gaeilge chun headlining a dhéanamh san áit, más cruinn mo chuid taighde."

Dúirt Jake gur tháinig an deis aníos anuraidh nuair a fuair an banna teachtaireacht ó Mheiriceá, agus ní thiocfadh leo deis a chailleadh a gcuid ceoil úir a chur os comhair an phobail den chéad uair. 

"Tháinig banna as Meiriceá i dteagmháil linn ag deireadh na bliana seo caite. Bhí sé ar intinn acu dul ar chamchuairt na tíre agus ba mhian leo nascadh le banna as Béal Feirste. D'iarr siad orainn dul ar an headline slot dóibh agus bhí muid tógtha leis sin. 

"Tá muid ar bís ar fad. Seo deis dúinn an ceol atá muid ag obair air le blianta anuas faoin chathair s'againn a sheinm den chéad uair. Seo éacht dúinne agus is tábhachtach a bheith ag ceol i lár na cathrach in áit nach raibh deis ag Gaeilgeoirí roimhe. 

"Tá clú agus cáil ar an áit agus seo deis Gaeilge Uladh a chluinstin san Ulster Sports Club den chéad uair."

Beidh dhá bhanna eile, Beat Up as Meiriceá agus Cavalier Attitude as Béal Feirste. Osclófar na doirse ag a seacht Dé Sathairn, agus beidh na Shanvans ar an ardán ag a deich. Is féidir ticéidí a cheannach ó Eventbrite.