Chas rotha mór an tsaoil i gCill Airne ag an deireadh seachtaine mar bhain bean óg comórtas mór ceoil ar an tsean-nós.

Beidh aithne mhaith ag ceoltóirí Bhéal Feirste ar Róise Ní Mhurchú as a cuid ceoil, amhránaíochta agus as a bheith ag teagasc i roinnt Gaelscoileanna sa chathair. Bhain Róise an comórtas amhránaíochta do mhná faoi 35 ag Oireachtas na Gaeilge sa Ríocht Dé hAoine seo caite.

D'iarr TG4 ar Róise a bheith mar aoi speisialta ar an chlár Steip Dé Sathairn fosta, áit ar cheol sí an t-amhrán Ultach 'An Clár Bog Déil.' Tá Steip ar cheann de na cláracha is mó éilimh air ar sceideal TG4, agus tá an stáisiún féin ag ceiliúradh tríocha bliain ar an aer i mbliana. 

Bhí an iníon léinn de chuid Choláiste Ollscoile Naomh Muire san iomaíocht in éadan beirt is tríocha eile, agus tugann an bua seo deis di bogadh ar aghaidh ag Oireachtas na bliana seo chugainn agus a bheith san iomaíocht in éadan ban eile ó na ceantracha Gaeltachta eile ar fud na tíre. 

Róise leis na moltóirí ag Oireachtas na Samhna
2Gallery

Róise leis na moltóirí ag Oireachtas na Samhna

Tógadh athair mór Róise, Alf Ó Murchú, in uimhir a 5 Sráid Seibheástopol ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Gaeilgeoir as na Glinntí Aontroma a bhí i máthair mhór Alf, agus bhí go leor cairde Gaeltachta aige féin. Bhain an tUasal Ó Murchú bonn óir an Oireachtas sa bhliain 1961, agus bhí an tOllamh Seán Óg Ó Tuama mar mholtóir aige. 

Tógadh Róise i nDoire agus i dTír Chonaill i dteaghlach lán Gaeilgeoirí. Is ceoltóir de chuid Chluain Ard é athair Róise, Marcas agus is damhsóir agus ceoltóir í a máthair, Caitríona. 

Bhain Róise Corn Sheáin Óig Uí Thuama Dé hAoine, atá ainmnithe i ndiaidh an scoláire chéanna. Tá Róise ag teagasc i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich le roinnt blianta anuas.

Ba as gach cearn den tír iad moltóirí an chomórtais, Bríd Ní Mhaoilchiaráin as Conamara, Aodán Ó Ceallaigh as An Rinn agus Baile Átha Cliath, agus Áine Uí Laoithe as Contae Chiarraí.