Caithfear súil ghéar ar phodcraoltóireacht sa Ghaeilge mar chuid d'Fhéile Meán Bhéal Feirste ar an tseachtain seo chugainn. 

Tiocfaidh cúigear a bhfuil clú agus cáil orthu as a gcuid podchraoltaí Gaeilge le chéile don chaint Ó Neart go Neart: The Rise of Ulster Irish Podcasts. Beidh Conor Torbóid ina fhear a' tí agus cluinfidh lucht féachana ó Chonall Mac Corraidh, ó Mhéabh Nic Alastair, ó Thomaí Ó Conghaile agus ó Ghráinne Holland.

Tá fás as cuimse i ndiaidh a theacht ar na podchraoltaí Gaeilge le blianta anuas, agus deir Tomaí Ó Conghaile go bhfuil cúpla cúis ann.

"Déarfainn ceann amháin ná go bhfuil sé i bhfad níos fusa rudaí a thaifeadadh. Tráth dá raibh, an t-aon dream a bhí in ann rudaí a thaifeadadh agus a chraoladh ná na stáisiúin raidió.

"Anois le forbairt na teicneolaíochta tá achan duine ábalta rudaí a thaifeadadh ar ghuthán s'acu. Tá maidhceanna i bhfad níos saoire ná mar a bhíodh," ar seisean. 

Deir Tomaí gur "maith le daoine a bheith ag éisteacht le rudaí a bhfuil dúil acu iontu díreach nuair is mian leo," seachas a bheith ag fanacht ar am ar leith le bheith ag éisteacht le clár raidió agus go bhfuil an t-ábhar níos inrochtana ná mar a bhíodh. Ní ar dhomhan na Gaeilge amháin a tháinig an t-athrú seo ach oiread, a deir sé.

"Seo treocht idirnáisiúnta atá ag tarlú ar fud an domhain. Is dócha go bhfuil muid ag feiceáil podchraoltaí Gaeilge anois cionn is go bhfuil pobal na Gaeilge ag dornálaíocht thar ár meáchan mar theanga mhionlaigh," ar seisean.

Sheol Tomaí podchraoladh dá chuid féin anuraidh, Idir Chroí agus Anam, ina bpléann sé cúrsaí spioradáltachta agus fealsúnachta agus an saol inmheánach, ábhar a bhfuil an-speis aige ann. D'fhoilsigh sé an tsraith ar ardáin phodcraoltóireachta éagsúla, agus deir sé gur thug léiriú an deis dó na ceisteanna s'aige a phlé go hoscailte agus go domhain, agus go raibh am aige nach mbeadh ag cláracha raidió.

"An rud a bhí mé ag iarraidh leis an phodchraoladh ná bualadh le daoine san fhíorshaol seachas ar líne. Rudaí pearsanta a bhaineann le saol s'acu féin a bhí ann. Chuaigh mé chuig tithe s'acu agus bhí cupán tae againn agus shuigh muid síos leis an ábhar a phlé," ar seisean.

"Bímse ag dul chuig ócáidí a bhaineann leis an ábhar sin i saol an Bhéarla agus saol na Spáinníse. Chonacthas dom nach raibh a leithéid ann ar an leibhéal céanna i nGaeilge. Shíl mé go mbeadh sé deas cuid den ábhar sin a phlé i dteanga s'againne féin. 

"Is ceisteanna iad sin nach mbíonn muid á bplé an oiread sin ó lá go lá. Bhí sé suimiúil fiú teacht ar an téarmaíocht agus ar an fhoclaíocht cheart le cuid de na coincheapa a chur in iúl."

Beidh Ó Neart go Neart: The Rise of Ulster Irish Podcasts ar siúl sa MAC ar an 10 Samhain ag 3.00 i.n.