DEIR Bainisteoir Forbartha Cumann agus Cluichí le Laochra Loch Lao nach mór beart éigin a dhéanamh chun dul i ngleic leis an laghdú ar líon na n-imreoirí sna déaga sna cumainn CLG.
Deir Damien MacAilín, a chaith na blianta ag obair i bhforbairt na gcluichí CLG, go mbíonn fadhb mhór ann nuair a stopann na cluichí don gheimhreadh. Bhí sé ag caint i ndiaidh gur bhris an scéal go mb'fhéidir go n-athródh struchtúr na gcluichí faoi aois.
Léirigh taighde an CLG go bhfuil ráta an-ard de dhaoine óga a éiríonn as na cluichí i ndiaidh thréimhse GoGames, de ghnáth thart faoi 12 bliain d'aois. Tá moltaí á bplé maidir le rialacha na gcluichí faoi aois a athrú le cinntiú go bhfaigheann imreoirí níos mó seilbhe ar an liathróid, go mbíonn foirne níos lú ann agus go mbaintear cuid den iomaíocht de chluichí.
"Tá fadhb ann i ndiaidh an tséasúir nuair a stopann na cluichí," arsa Damien. "Mura bhfuil tú ag déanamh rud éigin i rith na tréimhse sin cailleann tú cuid mhór imreoirí, go háirithe ag an aois óg.
"Sin an rud atá muidne ag éascú ag an bhomaite le Soilse na Spórtlainne."
Is sraith bliotsanna í Soilse na Spórtlainne a eagraíonn Laochra Loch Lao do chlubanna áitiúla i rith an gheimhridh, rud atá thar a bheith tábhachtach dar le Damien.
"An sprioc atá agam le Soilse na Spórtlainne ná an bhearna sin sa gheimhreadh a líonadh sa bhliain, ionas go bhfuil muid ag feidhmiú sa tréimhse sin, agus is maith liom nach bhfuil na bliotsanna ina gcomórtas.
Imreoirí óga ag Soilse na Spórtláinne
"An bhfuil na cluichí comórtasach? Tá. An bhfuil réiteoirí de dhíth? Tá. Ach ag an deireadh níl na scóranna in úsáid do dhuine ar bith. Níl babhtaí ar bith eile ann. Tugann sé seans d'fhoirne atá lag maidir le huimhreacha foireann deich an taobh a chur ar an pháirc.
"Nó tugann sé deis do na foirne láidre seans a thabhairt do na himreoirí nach bhfuair an oiread seansanna i rith na bliana."
Luaigh Damien na laethanta a chaith sé ag obair le Contae Aontroma agus thagair sé do cheardlann ar leith i bPáirc an Chrócaigh. Dúirt sé gur thug ionadaí ó Chumann Sacair na Beilge cur i láthair ar an chóras a chuir siad i bhfeidhm sa tír.
"Bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go raibh siad ag iarraidh an fhoireann ba láidre idirnáisiúnta a chruthú.
"D'úsáid siad páirceanna beaga do chluichí na hóige. Beirt in éadan bheirt. De réir mar a d'fhás na himreoirí, rinne siad na páirceanna níos mó agus na foirne níos mó, céime i ndiaidh céime go dtí go raibh siad ag an leibhéal ab airde."
Is léir gur thug an modh oibre seo go leor ábhar machnaimh dó. Sin ráite, deir sé go bhfuil an iomaíocht sin iontach tábhachtach do shuim na ndaoine óga a choinneáil sa spórt.
"An rud ba shultmhaire dom ag an bhunscoil ná cluichí a imirt. Ach an bhfuil suim ag daoine i rud éigin nach bhfuil ina chomórtas? Ní dóigh liom é. Tá muid uilig comórtasach ach ag an am chéanna tá muid réadúil.
"Ba mhaith le páistí a bheith ag imirt áit éigin. Sin í an sprioc is mó. Ag an bhomaite tá fadhbanna againn maidir le huimhreacha ag aois na ndéagóirí. Cad é mar a réitíonn tú fadhb mar sin? Níos mó ama ar an pháirc a thabhairt."
Deir sé gur chóir do chóitseálaithe agus do bhainisteoirí a bheith ag amharc ar na moltaí seo mar fhéidearthachtaí in áit a bheith buartha fúthu, agus gur "moltaí iad" ní rialacha.
"Beidh achan ghrúpa ar fud na tíre difriúil, ach más féidir linn aontú go gcaithfidh muid rud éigin a dhéanamh bheadh sé sin ar fheabhas," ar seisean.
"Sílim go raibh daoine tobann ina ndóigheanna nuair a tháinig an scéal seo amach, na 'panic merchants.' Sílim gurb é an rud a bhéas siad ag moladh ná meascán de na comórtais atá againn faoi láthair a choinneáil ach rudaí difriúla a dhéanamh i rith na bliana chomh maith.
"Leis an fhírinne a rá, silim gur chóir d'achan chóitseálaí a bheith ag amharc ar an tréimhse sin agus ag rá 'cad é mar is féidir linn an tréimhse sin a úsáid chun rannpháirtíocht a spreagadh agus feabhas a chur ar na scileanna?'"
"Is féidir a bheith iomaíoch taobh istigh den tréimhse sin. Is féidir seachtar an taobh a reáchtáil le buaiteoir ag an deireadh, agus sílim gur rud iontach é sin, ach le Soilse na Spórtlainne tá muid ag iarraidh an fhoireann a choinneáil beo i rith an gheimhridh."
Buachaillí Laochra Loch Lao ag Soilse na Spórtláinne
Deir Damien nach fadhb nua í an laghdú uimhreacha sna déaga agus go mbíonn "éad air" nuair a amharcann sé ar spóirt eile atá ábalta páistí a choinneáil. Deir sé go bhfuil athruithe á gcur i bhfeidhm ag clubanna agus contaetha éagsúla ar fud na tíre cheana féin le dul i ngleic leis an fhadhb.
"Tá sé seo ag tarlú cheana féin in áiteacha ar leith sa tír cibé ar bith," arsa Damien. "Bíonn daoine ar lorg gnímh de chineál éigin sa tréimhse seo roimh an Nollaig, feiceann muid sin sna clubanna a thagann go Soilse na Spórtláinne."
Ag caint le RTÉ i mBéarla, dúirt Cathaoirleach an Choiste um Fhorbairt na gCluichí, Micheál Martin, nach n-athródh leibhéal na hiomaíochta sna cluichí faoi aois.
"Games from under 13 to 18 will never be non-competitive. There may be additional games provided in the future, but only as an extra offering," ar seisean.




