Bhailigh daoine le chéile i gCumann Chluain Árd ar Shráid na Sceithe Dé Sathairn chun ceiliúradh a dhéanamh ar nócha bliain ó bunaíodh an cumann.

Deir Cathaoirleach an Chumainn, Séamus Ó Donnghaile, go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndearna siad an ócáid a mharcáil. 

"An t-am seo bliain 90 bliain a bunaíodh Cumann Chluain Árd," arsa Ó Donnghaile, "agus bunaíodh an Cumann ar an ábhar go raibh an tír agus an chathair iontach bocht ag an am."

"Bhí sé iontach tábhachtach dúinn le cinntiú nach ndéanann muid dearmad ar na daoine a chuaigh romhainn.

"Is dóiche go raibh siad ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt chun cinn agus tógáil meanman a thabhairt don phobal. 

"Chonacthas dúinn i mbliana gur chóir dúinn imeachtaí ar leith a bheith ann a bhaineas le ainm na ndaoine sin a choinneáil i mbéal an phobail."

Eagraíodh pléphainéal Dé Sathairn leis an téama 'Dá mbeadh cead cainte ag an Ghaeilge, cad é a déarfadh sí?' 

Bhí Marcas Ó Murchú mar fhear a' tí agus ba iad an Coimisinéir Gaeilge Pól Deeds, Diarmuid Ua Bruadair agus April Ní hÍr a bhí ar an phainéal. Rinne siad pearsa den Ghaeilge.

Arsa an Donnghaileach, "Bhí rud ar leith ag Pól. Dúirt sé, 'Bhí an t-am ann agus ardmholadh a bhí ann nuair a dúirt daoine ní bheidh a leithéid arís ann. Ach tá eagla orm go mb'fhéidir gur rabhadh atá sna focail sin anois.'"

"Ghlac mise leis sin mar a bheadh wake-up call," arsa Séamus. 

"Dúirt April go dtéann muid uilig ar ais chuig na daoine a chuidigh linn ar bhealach na Gaeilge. Chuaigh sise ar ais ag obair san earnáil mar spreagadh í féin."

Dúirt Séamus gur thug an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin caint a thug "an bealach chun tosaigh" dar teideal 'Cur chun cinn liom-leat mionteangacha agus cosaint phobal urlabhra na Gaeilge san am atá le teacht' don scaifte a bhí i láthair.

"Mothaím gur léirigh muid ardmheas ar an dream a chuaigh romhainn," ar seisean. "Bhí fealsúnacht ar leith a bhain leofa agus ní mór dúinn a chinntiú nach gcailltear fealsúnacht na ndaoine a bhunaigh Cumann Chluain Ard.

"Bhí an Cumann Chluain Ard ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt ar ais isteach i seomra suite."

Mhol Séamas obair na ndaoine a bhí ag obair agus ag teagasc go deonach sa Chumann ar feadh na mblianta "le fealsúnacht agus féiniúlacht s'againne a choinneáil láidir."

"Sílim go bhfuil na bunchuspóirí sin lán chomh tábhachtach anois agus a bhí ariamh," ar seisean.

"Ba mhaith liom a bheith cinnte i gcónaí go bhfuil spás ag pobal na Gaeilge a bheith ina nGael."

Beidh go leor imeachtaí eile á réachtáil ag Cumann Chluain Árd le linn na míosa chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nóchadú bhliain. Is féidir súil a choinneáil orthu ar a leathanaigh ar líne.