Leanfaidh camchuairteanna reilige Sean Fennell ar aghaidh an tseachtain seo nuair a fháiltíonn sé roimh ghrúpa ó Thuaisceart Bhéal Feirste, Croí Éanna. 

Tá an príomhoide bunscoile ag treorú na dturas le roinnt mhaith blianta anuas, agus dúirt sé gur eascair siad as ceachtanna foghlama do pháistí na scoile.

"Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh an stair a theagasc go héifeachtach sa scoil," ar seisean.

"Chuir muid cuid mhór áiseanna le chéile agus leabhair fhoghlama do pháistí, agus thosaigh muid ag déanamh níos mó ar staidéar áitiúil mar chuid den rang staire, mar shampla an Titanic."

Thosaigh Seán ag tabhairt ranganna go Reilig na Cathrach chun 'Cosán an Titanic' a leanstan, nó go bhfuil daoine curtha sa reilig a raibh baint acu le tógáil na loinge agus leis an chomhlacht White Star Line. 

"Mhothaigh muidne go raibh eispéireas foghlama níos fearr ann do na páistí ar an dóigh sin," arsa Sean. "Rinne sé ceangal ní b'fhearr leis an fhoghlaim, go háirithe do rudaí a bhí cineál teibí."

Luaigh Seánuaigheanna Edward Harland agus Samuel Scott. Tá an bheirt acu curtha i Reilig na Cathrach - agus Harland san áit is saibhre sa reilig - agus bhí baint mhór acu le tógáil an Titanic. 

View this post on Instagram

A post shared by @stairfaoinspeir

"Tá sin uilig in aice leis an scoil, agus spreag sin mé chun smaointiú ar cad é mar a thiocfadh linn seo a dhéanamh ní b'fhearr. Rinne muid ceangal le Reilig Bhaile an Mhuillin agus na téamaí scoile, An Chéad Chogadh Domhanda agus An Dara Cogadh Domhanda, go príomha, agus Éirí Amach na Cásca. 

"Chónaigh James Connolly ar Bhóthar na bhFál agus ar ndóighe tá scéal Winifred Carney ar ais i mbéal an phobail mar nochtadh dealbh ar thalamh Halla na Cathrach."

Spreagadh Sean chun na turais a dhéanamh do dhaoine fásta chomh maith, agus d'oibrigh sé le "Rí na Reiligí" Tom Hartley leis na daoine cearta a aimsiú. Chuir Sean, Tom Hartley agus Brian Mac an tSionnaigh atá ina rúnaí ar Stair faoin Spéir, leabhar faoin dá reilig i dtoll a chéile. 

"Má tá tú ag eagrú ócáide i nGaeilge," arsa Sean, "in amanna bíonn scaifte níos lú ann. Ag an tús rinne muid iad i nGaeilge amháin."

D'oibrigh sé le Brian chun grúpaí Gaeilge a thabhairt isteach, agus thosaigh sé ag déanamh na dturas i mBéarla fosta. 

"Déanann muid iad d'fhoghlaimeoirí, go dátheangach, i mBéarla amháin agus i nGaeilge," arsa Sean. "Is maith liom an teanga a thabhairt faoin spéir chomh maith. Bíonn sé sin fiúntach d'fhoghlaimeoirí."

"Mura dtugann muidne an stair seo do dhaoine, cé eile a thabharfaidh?"