Tá sé ráite ag an ghníomhaí teanga aitheanta Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil "gadaíocht chultúrtha" i gceist leis an ainm "Ceathrú Ghaeltachta" a chur ar cheantar Iarthar Bhéal Feirste. 

Bhí Ó hÉallaithe ag caint ar an chlár Tús Áite agus é i mbun díospóireachta le Cathal Seoighe, ó Choiste Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe. 

Bhí siad ag plé na gcomharthaí Gaeltachta i gCathair na Gaillimhe, rudaí a scríobh Ó hÉallaithe i gcolún ar "masla do mhuintir na Gaeltachta" iad, go raibh "gadaíocht chultúrtha" i gceist leofa sin.

Cháin Seoighe agus Joe McGinley, comhghleacaí dá chuid ón choiste pleanála teanga, tuairimíocht Uí hEallaithe i gcolún eile, agus rinne Seoighe agus Ó hEallaithe díospóireacht ar an cheist ar an chlár.

Nuair a iarradh ar Ó hEallaithe an gcuirfeadh sé síos ar an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste ar an dóigh chéanna, dúirt sé go gcuirfeadh agus gurbh fhearr i bhfad 'An Cheathrú Ghaelach' nó 'An Cheathrú Ghaeilge' a chur ar an cheantar. 

Ar seisean, "Níl mórán tréithe Gaeltachta ag baint leis. Níl a fhios agam an bhfuil aon tréithe Gaeltachta ag baint leis.

“Tá go leor Gaeilge thuas i mBéal Feirste, tá go leor déanta, agus molaim iad, ach ‘Ceathrú Ghaelach’ ba cheart a thabhairt air agus ní ‘Ceathrú Ghaeltachta,' is gadaíocht chultúrtha é sin freisin."

Dúirt Piarais McAllister, Oifigeach Tionscadail le Forbairt Feirste, go bhfuil an ceantar iontach bródúil as an stádas atá aige mar Cheathrú Ghaeltachta.

"Tá Pobal Iarthar Bhéal Feirste iontach bródúil as an obair atá déanta chun Ceathrú Gaeltachta a fhorbairt.

"Tá borradh ar léith faoin Ghaelscolaíochta, tugann sé stádas ar leith duinn mar Ghaeil i gcathair a bhí go hiomlán frith-Gaelach agus spreagann an cheathrú agus an siombalachas a bhaineann leis an cheantar gníomh dearfach ar son na Gaeilge.

Ar seisean, "Tá sé sin le feiceáil sna forbairtí is úire leis na comharthaí tráchta dátheangach, na comharthaí sráide agus gur féidir le daoine sa cheantar, don chuid is mó, a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge."