Tá Coimisinéir na gclár teilifíse Gaeilge leis an BBC, Karen Kirby, ag fágáil a poist i ndiaidh aon bhliain is tríocha san eagraíocht, agus trí bliana déag mar choimisinéir.
Is as Domhnach Mór i gContae Thír Eoghain í Karen ó dhúchas, agus cé go bhfuil na blianta caite sa BBC aici, ní gairm sna meáin a bhí ar intinn aici i gcónaí.
"Ní hé gur chuir mise spéis ar leith sa chraoltóireacht nó sna meáin mar ghairme," a deir sí, "Bhí na teangacha agam. Bhí Gaeilge, Fraincis agus Spáinnis agam san ollscoil fosta. Bheartaigh mé riamh a bheith i mo theangeolaí nó i m'ateangaire sa Bhruiséil.
"Tharla sé roimh imeacht dom ón ollscoil, go raibh comhrá agam le hOllamh de mo chuid sa rannóg Spáinnise, David Johnston.
"Agus dúirt sé liom, 'Ar smaoinigh tú riamh ar ghairm sa chraoltóireacht? Mar is féidir leis an ghairm sin san ateangaireacht a bheith uaigneach go leor, agus is duine tú atá breá sásta i bpobal, i measc daoine.'"
Rinne Karen a machnamh ar an chomhairle sin, agus rinne sí cúrsa traenála le RTÉ. Chaith sí seal ag obair le Gael Linn, agus chuir sí isteach ar phost sa BBC in 1995.
"Nuair a chuir mé isteach ar phost ar dtús, post sé mhí a bhí ann, sa rannóg ceoil sa raidió. Bhí mé le bheith ann sé mhí, ach bliain is tríocha níos moille tá mé sásta go raibh mé ábalta fanacht!
"Bhí sé tábhachtach go raibh Kieran Ó hÉigeartaigh, go ndéana Dia a ghrásta air, ar an phainéal agallaimh sin. Agus a bhuíoch do Kieran go bhfuair mé an oiread deiseanna san eagraíocht ina dhiaidh sin."
Bhí Karen ábalta bogadh ó áit go háit taobh istigh den eagraíocht agus obair éagsúil a dhéanamh, rud a chiallaigh go bhfuair sí níos mó deiseanna lena cuid scileanna a fhorbairt. Chuir sí an clár raidió Gaeilge 'Karen na hAoine' i láthair ar feadh ocht mbliana, ach ba ar ábhar Béarla a thosaigh sí den chuid is mó.
Tháinig casadh ar a scéal nuair a bhí sí ag obair mar léiritheoir sraithe ar an chlár First Stop, a chuir Ralph McLean agus Christine Bleakley i láthair. Bhí comhrá aici le Kieran Ó hÉigeartaigh agus le hAntaine Ó Donnaile fá rud níos leanúnaí a dhéanamh leis an Ghaeilge.
Arsa sí, "Agus an chéad rud eile, bhí mé ag obair leis an rannóg sin go measartha lánaimseartha!"
Bhí Sneachta Dearg i measc na gclár eile a chuir sí i láthair le hAntaine Ó Donnaile. Bhí faisnéis mar chuid den chlár sin, agus deir Karen gur uaidh sin a d'eascair an tsuim atá aici sa saol ilghnéitheach trí Ghaeilge, cúrsaí ealaíona, cúrsaí ceoil agus cúrsaí reatha ina measc. Tháinig cláir ar nós I Lár an Aonaigh, Imeall Geal agus An Focal Scoir ina dhiaidh sin.
"Sílim gur thug na cláir sin deis do phobal na Gaeilge teacht ar ardán, ar scáileán agus ar raidió fosta, agus a bheith gníomhach sna meáin ar an dóigh sin. Agus tá súil agam gur thug sé misneach don phobal sin a gcuid scéalta a insint trína dteanga féin agus a bheith in ann taispeáint don domhan mhór go raibh ann dó."
D'oibrigh sí mar léiritheoir-stiúrthóir ar an chainéal digiteach teilifíse, BBC Choice, agus léirigh agus láithrigh sí ceithre shéasúr de Blas Ceoil. Dúirt sí gur chuir an dá eispéireas sin go mór lena cuid scileanna féin idir stiúradh, ceamaradóireacht agus láithriú, agus gur thaitin na comhráite go mór léi.
"Amharcaimse siar ar an tréimhse sin mar thús do rud ar léirigh mé spéis ann. Is breá liom a bheith ag plé le daoine, sin an áit a bhfuil mo chroí. Amuigh ag léiriú, ag plé le daoine agus scéalta."
Leanann sí ar aghaidh, "Ach tá sé an-tábhachtach go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach d'aschur an BBC. Agus mar an gcéanna leis an Ulster-Scots. Tá na pobail sin sna háiteacha a bhfuil muidne inár gcónaí. Is mé duine den phobal sin."
Tá borradh i ndiaidh a theacht ar aschur cláracha Gaeilge ar an chainéal le blianta anuas, forbairt a raibh baint mhór ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus ag an earnáil neamhspleách léi.
"Le teacht an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, d'fhás rudaí arís eile. Agus déarfainn féin go bhfuil muid san áit a bhfuil muid a bhuíoch don Chiste Craoltóireachta a bheith bunaithe agus muid in ann a bheith ag comhoibriú leo agus le craoltóirí eile.
Ar sise, "De réir mar a tháinig fás ar líon na gcomhlachtaí, tháinig scéalta den scoth fríd fosta. Daoine úra, láithreoirí úra, rannpháirtithe úra ag teacht fríd.
"Baineann sé le deiseanna a thabhairt don chéad ghlúin eile na teachtaireachtaí agus na scéalta seo a insint ar son phobal na Gaeilge. Caoimhe Chats Ní Chathail, Aoife Ní Chaiside, Conor Torbóid agus a leithéid."
D'éirigh go hiontach le roinnt cláracha a ndearnadh comhchoimisiún orthu le blianta anuas. Deir Karen go mbíonn na craoltóirí ag tacú lena chéile, agus cé go mbeadh sé deacair clár nó scannán ar leith a phiocadh, seasann an tsraith drámaíochta Crá amach. Comhchoimisiún le TG4 a bhí inti, agus díoladh é in seasca is a hocht tír. Tá sraith a dó ar an bhealach agus bhí sé ar an chéad chlár Gaeilge riamh le craoladh ar BBC Network.
"Bhí Scúp ann ó 2013 go 2015, agus ní raibh sraith drámaíochta ann ó shin ar an BBC i nGaeilge. Labhair muid le Fíbín Media, agus bhí siad ag labhairt le TG4 cheana féin faoi shraith drámaíochta do dhaoine óga.
"Ach d'aithin muid le chéile go raibh lucht féachana níos leithne ann. Bhí sé speisialta go raibh muid ábalta a bheith istigh ar an cheann sin.
Molann sí iarracht na foirne agus na n-aisteoirí, go háirithe maidir le canúintí. Lonnaigh an príomhaisteoir, Dónall Ó hEalaí arb as Conamara dó, é féin i dTír Chonaill le go mbeadh an chanúint chuí aige.
Maidir le hathraithe san earnáil, tá sí den bharúil go bhfuil tionchar mór anois ag na meáin shóisialta agus na hardáin úra ar ábhar.
"Tá sé ag brath go huile is go hiomlán ar an lucht féachana agus ar an phobal. D'aithin muidne go luath go raibh na meáin shóisialta agus na hardáin digiteacha ag bailiú nirt, mar gheall ar na fóin.
"Ba chóir go raibh an Ghaeilge mar chuid den straitéis sin le YouTube ag dul chun tosaigh."
Agus í anois ag amharc chun tosaigh ar an chéad aistear eile, beidh deis anois ag Karen pilleadh ar a dúchas ar an Domhnach Mór, áit a bhfuil sí mar stiúrthóir ar an Chór Gaelach. Bhí baint lárnach ag an Chór le hAifreann na Fleidhe i mbliana.
"Bhí orm fir a thabhairt isteach den chéad uair! Agus bhí ceolfhoireann ann chomh maith. Eispéireas den scoth a bhí ann.
"Cé nach maireann Helen Bean Mhic Ruairí a bhí mar stiúrthóir, agus Mícheál Mac Eoin a chum an ceol, maireann an ceol féin. Agus tá sé tábhachtach go mairfidh sé.
Níl sé ar intinn aici obair na teilifíse a fhágáil ina diaidh, ná baol air. Is léir go bhfuil a croí istigh i scéalta na ndaoine agus in ardán a thabhairt do phobail a gcuid scéalta féin a insint ar a ndóigh féin.
"Bhí mé ag fágáil slán leis an phost, ach ní leis na daoine nó an obair ach an oiread. Tá obair le déanamh agus scéalta le hinsint go fóill, agus tá súil agam go mbeidh mé ábalta tabhairt faoi sin.
"Do mo mhuintir. Do mo chuid páistí. Do na daoine thart orm. Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil ár gcuid scéalta ar fáil inár dteanga féin."



