"Bíonn na Gaelscoileanna i mbéal an phobail i gcónaí, agus bíonn cuid mhór cainte faoi áiseanna agus fadhbanna cóiríochta agus easpa spáis, infheistíochta agus múinteoirí," a deir príomhoide Ghaelscoil na bhFál, Seán Fennell. 

Thosaigh an scoil i Muilleann Mac Con Midhe sa bhliain 1987, ar an tríú urlár, agus bhí sí in halla biongó ar Bhóthar Chluanaí ar feadh tamaill bhig ina dhiaidh sin. 

Ar ndóighe, tháinig an chéad bhunscoil ó thuaidh - Bunscoil Phobal Feirste - ar an tsaol in 1971, mar gheall ar cheannródaithe Bhóthar Seoighe. Deir Seán gur tháinig casadh ar scéal an Ghaeloideachais sa chathair nuair a rinneadh an cinneadh páistí a ligean isteach sa scoil sin nár tháinig ó chúlra Gaeilge. 

"Nuair a tharla sé nach raibh go leor páistí ag freastal ar Bhunscoil Phobal Feirste, shocraigh Áine Andrews, a bhí ag obair ansin ag an am, an scoil a oscailt do pháistí óga nach raibh Gaeilge ag a dtuismitheoirí."

Tháinig méadú ar an éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge mar gheall ar an chinneadh sin, rud a d'fhág éileamh eile do Ghaelscoil eile.

Arsa Seán, "Bhí ráchairt ann do scoil in áit eile i mBéal Feirste, agus seo í an dara bunscoil i mBéal Feirste. Agus b'shin é an leasainm a bhí ar an scoil ag an tús, 'An Dara Bunscoil.'

"Tá tú ag caint ar dhaoine a bhí iontach cróga. Is rud ollmhór é go fóill páistí a chur chuig Gaelscoil, ach sna laethanta sin nuair nárbh ann d'aitheantas oifigiúil ón stát, ba rud réabhlóideach é."

D'oscail an scoil i 1987, ach ní bhfuair sí aitheantas oifigiúil go dtí 1992. 

"Bhí baint mhór ag Sue Pentel agus Áine Andrews leis an aitheantas sin a fháil agus d'fhág siad lorg ar stair na Gaeilge i mBéal Feirste," a deir sé.

"Ar bhealach bhí sé ní b'fhusa mar gheall ar throid Bhunscoil Phobal Feirste. Bhain siadsan, agus i ndiaidh na chéad scoile tháinig an dara scoil, agus ansin an tríú scoil. Agus ansin bhí borradh faoi na Gaelscoileanna sna luathnóchaidí."

Ba é foirgneamh Ghaelscoil na bhFál, ar an áit a bhfuil sí anois i gceantar Uíbh Eachach ar Bhóthar na bhFál, an chéad fhoirgneamh do Ghaelscoil a tógadh le brící.

"Tá cuma mheasartha úr ar an fhoirgneamh go fóill, agus tá muid anseo ó bhí 1999 nó 2000 ann, a bheag nó a mhór."

Tá baint agus caidreamh láidir ag an scoil le hIonad Uíbh Eachach, atá díreach in aice léi agus a chuireann cúram leanaí ar fáil do pháistí. Deir Seán gur minic a thagann páistí fríd cúram leanaí an ionaid agus ansin chuig an naíscoil agus an bhunscoil. 

DALTAÍ: Páistí Ghaelscoil na bhFál
2Gallery

DALTAÍ: Páistí Ghaelscoil na bhFál

Freastalaíonn níos ná dhá chéad páiste ar an scoil, agus deir Seán go mbíonn siad i gcónaí slán ó thaobh na n-uimhreacha de. Leoga, bíonn orthu páistí a dhiúltú ón naíscoil ó am go chéile, rud ar féidir leis a bheith ina dhúshlán don scoil uaireanta, agus iad ag iarraidh pobal Gaeilge a thógáil.

"Thiocfadh leat a bheith ag diúltú teaghlaigh atá ag cur tús leis an aistear s'aige sa Ghaeloideachas, ar an drochuair," arsa Seán.

"Tá muidne difriúil mar earnáil, ní féidir muid a chur i gcomparáid le scoil Bhéarla. Muna bhfaigheann tú isteach chuig Gaelscoil na bhFál, seans go rachaidh tú go gaelscoil eile ach b'fhéidir nach rachaidh. Agus na daoine sin atá idir dhá chomhairle faoin Ghaeloideachas, seans nach rachaidh siad leis mar sin."

Deir sé gurb é an sprioc atá acu ná pobal Gaeilge a thógáil sa cheantar, agus gur féidir le critéir iontrála na scoileanna cur isteach ar an sprioc sin ó am go chéile.

"Tá cead seisear is fiche a ghlacadh i naíscoil, agus tá cead suas go tríocha a ghlacadh i rang a haon. Ba ghnách linne agallamh ar dhéanamh ar thuismitheoirí, an raibh Gaeilge sa chlann? An raibh páiste eile sa scoil? Ach tá na critéir sin uilig ar shiúl. 

Ar seisean, "Má tá tusa i dteideal deontais leasa shóisialaigh de chineál éigin, faigheann tú an chéad áit sa naíscoil. Tá sé sin go breá, níl fadhb ar bith agam leis sin.

"Cuirim i gcás, má chuireann seisear is fiche isteach ar an scoil a bhfuil deontas acu, léimeann siadsan an scuaine thar na daoine atá ag obair i saol na Gaeilge."

Ar seisean, "Tá an tAire Oideachais ag athrú na gcritéir seo, tá comhairliúchán amuigh faoi láthair. Ba mhaith linne pobal Gaeilge a thógáil. Níl muid in éadan na ndaoine seo atá ag iarraidh cuidithe ar chor ar bith, ar ndóighe. Ach ar bhealach tá na critéir claonta, agus níl siad claonta don Ghaeilge."

Dala ionadaithe eile ón earnáil, deir Seán go bhfuil easpa múinteoirí ann, ach bíonn dearcadh eile ar an scéal aige féin. 

"Ionadaithe. Má tá múinteoirí ag dul amach ar chúrsaí le forbairt gairme a dhéanamh, caithfidh mise mar phríomhoide a dhéanamh cinnte de go bhfuil múinteoirí in achan seomra ranga a bhfuil Gaeilge acu. Agus tá muidne in iomaíocht le gach Gaelscoil eile do na hionadaithe chéanna.

Tá sé ag feidhmiú mar phríomhoide gníomhach, de réir mar atá an príomhoide reatha Órla Flanagan, ar iasacht leis an Roinn Oideachais ag obair mar 'Oifigeach na Gaelscoileanna.' Tá sí ag obair ar an scéim TransformED de chuid na Roinne, a phléann cur chuige úr don churaclam don Ghaeloideachas.

Deir an tUasal Fennell go raibh easpa áiseanna ón churaclam i gcónaí ina fhadhb don scoil, mar go gcaithfidh múinteoirí aistriúchán a dhéanamh ar áiseanna i mBéarla.

Arsa Seán, "Cuirim i gcás go n-athraíonn an curaclam leis an scéim seo, beidh na Gaelscoileanna siar mar go gcaithfidh muidne, múinteoirí, áiseanna a scríobh agus a aistriú do pháistí ón Bhéarla. Ach tá an tAisionad ag déanamh obair den scoth maidir leis sin."

D'fhorbair an scoil cáipéis ar a bhfuil luachanna na scoile a chuireann le mana na scoile, 'Bláthú na hÓige.' Tá 'cúig F' mar chuid de; Foghlaim, Fás, Forbairt, Fiosraigh agus Fáilte, agus caint leis faoi thodhchaí na scoile, dúirt Seán go bhfuil todhchaí gheal roimpi agus go dtiocfadh é leathnú dá mbeadh an spás acu. 

"Déarfainn go dtiocfadh dhá rang a dhéanamh ag achan leibhéal i nGaelscoil na bhFál. An bhfuil an fhairsing againn? Ní shílim é. Bheifeá ag dul i dtreo na mbothán mar sheomraí ranga.

Ar seisean, "Ach thiocfadh leat dul sa tseans. Níos mó múinteoirí, níos mó Gaeilgeoirí, níos mó cúntóirí. Tá tú ag cruthú fostaíochta, ag tógáil na hearnála. Ach is céim ollmhór í sin."

Bíonn drámaí scoile ar siúl achan bhliain agus moltar do gach páiste páirt a ghlacadh iontu. Tugann sé sin bunús do mhisean na scoile uile-oideachas a chur ar fáil dá gcuid daltaí. 

"Cuireann muid an-bhéim ar an dráma agus ar an spórt. Sílim go bhfuil an dá rud sin millteanach tábhachtach d'fhorbairt na bpáistí. Tá muid ag freastal ar an churaclam ar ndóighe, ach ba mhaith linn go mbeidh na páistí sona, sábháilte."

Cuireann Seán an-bhéim ar theacht aniar an cheantair, agus deir sé go bhfuil sé mar aidhm ag pobal na scoile cuidiú leis an cheantar a oiread agus is féidir. 

"D'fhulaing an ceantar seo. Mar sin ba mhaith linn go mbeidh muid ag cur daoine maithe móra ciallmhaire amuigh sa phobal, agus ag cur le hathbheochan na Gaeilge ach le hathbheochan an cheantair chomh maith."