Déanfar ceiliúradh ar éagsúlacht chultúr bia comhaimseartha na hÉireann i sraith nua de chuid TG4, Bia Úr.

Fiosraíonn Kirsten Mate Maher agus Allie Stack féiniúlacht, muintearas agus traidisiún trí mheán theanga uilíoch an bhia.

Le linn na sraithe, buaileann Kirsten agus Allie le grúpa spreagúil cócairí, fiontraithe bia agus cócairí baile a bhfuil a lorg fágtha acu ar thírdhreach cócaireachta na hÉireann. Léiríonn a gcuid scéalta an dóigh a gcuireann inimirce le saibhreas agus le héagsúlacht bia na tíre.

Tugann siad leo blasanna, scileanna agus traidisiúin a shaibhríonn ár dtuiscint ar cad is bia Éireannach ann sa lá atá inniu ann, agus beidh bia le blaiseadh ó thíortha amhail an Airgintín, Meicsiceo agus An Chóir.

Beloved Media Productions a léirigh an tsraith, agus dúirt Bernadette Morris, léiritheoir agus stiúrthóir na sraithe, go mbaineann sé leis an cheangal idir dhaoine.

"Is faoin cheangal idir daoine atá Bia Úr," a deir sí. 

"Tá scéal ag baint le gach mias – scéal baile, turais agus muintearais. Déantar ceiliúradh sa tsraith seo ar na daoine arb í Éire a mbaile anois í agus ar an bhia a thugann le chéile muid."

Beidh Bia Úr le feiceáil gach Céadaoin ar TG4.