D'fhógair Foras na Gaeilge go raibh siad i dteagmháil le bainistíocht BBC Thuaisceart Éireann ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil ar chúrsaí Gaeilge sa BBC. 

Tagann an fhorbairt seo i ndiaidh don BBC a fhógairt go gcaillfear 60 faoin chéad de na poist Ghaeilge san eagraíocht mar chuid de chiorruithe tras-eagraíochta. Laghdófar an oiread post ón chúigear atá fostaithe cheana féin go beirt. 

Léirigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, a iontas faoi mhéid na gciorruithefoirne atá molta do BBC Gaeilge ó thuaidh.

"Bheinn buartha faoi inmharthanacht agus leas na craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh amach anseo, mura mbíonn foireann acu le bheith ag plé le cláir Ghaeilge," a dúirt an tUasal Ó Coinn. 

"Aithním an fhorbairt atá déanta ar chúrsaí craolacháin ó thuaidh ó Chomhaontú Aoinean Chéasta agus i gcomhthéacs na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, ach ardaíonn an fógra is déanaí ceisteanna dáiríre faoi na spriocanna agus uaillmhian fhadtéarmach atá ag an BBC do phobal na Gaeilge ó thuaidh sa chomhthéacs níos leithne sin."

Tharraing sé aird ar an chodarsnacht idir cad é mar chaitear leis an Ghaeilge agus leis na teangacha Ceilteacha eile san eagraíocht, is iad sin Breatnais agus Gaeilge na hAlban. 

"Tá sé deacair na ciorruithe atá fógartha a thuiscint nuair a dhéantar comparáid leis an chaiteachas de níos mó ná £40m a dhéanann an BBC ar ábhar Breatnaise, gan an £95m a chaitear ar S4C as an táille ceadúnais a chur san áireamh, agus an caiteachas a dhéantar ar Ghaeilge na hAlban in Albain, áit a gcaitheann BBC Scotland £10m ar BBC ALBA, £4m ar BBC Radio nan Gàidheal, agus caiteachas mór eile ar ábhar ar líne," arsa Ó Coinn.

Deir Foras na Gaeilge nach bhfuil "figiúirí cruinne ar fáil maidir le caiteachas BBC TÉ ar an nGaeilge ach tuigtear d’Fhoras naGaeilge nach bhfuil caiteachas BBC Thuaisceart Éireann ar an nGaeilge ach thart ar £1m."

Deir Foras gur chuir siad aighneacht scríofa isteach chuig an BBC ag moladh go ndéanfaí "ardú suntasach" ar an chaiteachas ar ábhar i nGaeilge ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.