Filleann an dráma cóireachta Crá ar TG4 agus ar an BBC an Fómhar seo agus Cónall Ó Suilleabháin cráite ag ceist amháin - cad é a tharla dá athair, Art?
Seoladh an tsraith ó thuaidh in imeacht i dTrádstóras Riddel i mBéal Feirste Dé Luain. Bhí Lynette Fay mar bhean a' tí agus bhí pléphainéil le cuid de na haisteoirí agus den fhoireann a léirigh an tsraith.
D'éirigh go hiontach le Crá sraith a haon. Díoladh é i mbeagnach seachtó tír agus craoladh é ar fud an BBC ar BBC Network. Ag caint leis an Andersonstown News ag seoladh Crá, dúirt Ciarán Charles, léiritheoir ar an tsraith, go raibh sé ag súil go mbeadh an tsraith seo níos mó arís.
"Ba é sraith a haon ar an chéad sraith drámaíochta riamh a bhí ar BBC Gaeilge dar liom, bheadh sé iontach dá mbeadh níos mó daoine ag breathnú ar an tsraith seo," ar seisean.
Filleann Dónall Ó hÉalaí sa phríomhpháirt mar Chonall, atá anois ina bhleachtaire faoi oiliúnt anois i Leitir Ceannáin. Tá Conall ag obair faoi stiúr bhleachtaire Aoife Cooney, in ról úr le Siobhan O’Kelly.
Aimsítear taisí daonna ar an trá i gCarraig na nGall agus ní dor Chonall dul ar ais chuig a dhúchas lena chomhghleacaí úr Aoife le fiosrúchán a dhéanamh ann.
Dúirt Darach Ó Tuairisg, léiritheoir eile ar an tsraith, go raibh tábhacht ar leith leis an tírdhreach sa scéal. Rinneadh an tsraith a scánnanú i dTír Chonaill.
"Theastaigh uaimse i gcónaí an Ghaeltacht a chur ar an teilifís, agus an áilleacht ghruama a bhaineann leis an Ghaeltacht. Tá saibhreas ansin nach raibh le feiceáil ar an teilifís in Éirinn, dar liom, nó go hidirnáisiúnta.
"Tá go leor scéalta agus drámaíochta san áilleacht ghruama sin. Theastaigh uainn an áilleacht sin a thaispeáint agus an taobh dhorcha de freisin," ar seisean.
Dúirt Ciarán, "Tá an tírdhreach fite fuaite sa togra. Ní féidir leat dul aon áit timpeall an cheantair gan an Earagail a bheith sa chúlra. Is cuma cén áit a dtéann tú. Tá ról lárnach ag an tírdhreach in Crá agus beidh i gcónaí."
Tá idir charachtair úra agus sheáncharachtair le feiceáil sa tsraith úr, ina measc Sairgint Barry Roche, tá Alex Murphy (The Young Offenders) sa ról seo arís, agus an podchraoltóir Ciara-Kate. Dúirt Ciarán go raibh sé tábhachtach na daoine cearta a fháil do na róil.
"Dúshlán é, ach is dúshlán maith é ar bhealach. Tá na haisteoirí ann ach uaireanta bíonn siad i bhfolach áit éigin! Rinne muid ceardlann don tsraith seo agus ba mhaith sin a dhéanamh amach anseo chomh maith.
"Bhí na haisteoirí go hiontach. Thosaigh Fíbín amach mar chompántas amharclainne. Tugann muid aire d'aisteoirí agus don chriú, tá sé sin tábhachtach domsa mar léiritheoir."
Déanann sraith a dó iniúchadh ar shaolta pearsanta agus proifisiúnta na nGardaí agus iad ag feidhmiú i gceantar nach dtugann lá airde ar an dlí. Beidh an Feirsteach Tony Devlin le feiceáil sa tsraith i ról úr, chomh maith le fear Dhún na nGall Art Parkinson.
Tony Devlin agus Art Parkinson
"Sílim go raibh cur chuige éagsúil againn," arsa Ciarán, "Bhí muid ag obair le scríbhneoirí nua ar an tsraith seo, agus aisteoirí nua.
Dúirt Darach go raibh dúshlán ag baint leis an uaillmhian a bhí acu leis an tsraith seo, mar go raibh an buiséad chomh beag sin don rud a bhí siad ag iarraidh a dhéanamh, ach gur "theastaigh uathu an uaillmhian sin a chur ar an scáileán."
D'aontaigh an bheirt go gcaithfidh níos mó maoinithe a chur ar fáil chun sraitheanna mar seo a dhéanamh.
Arsa Ciarán, "Silim go gcaithfidh muid a bheith ag déanamh níos mó sraitheanna drámaíochta trí Ghaeilge. Tá na daoine ann, tá na scríbhneoirí ann. Caithfidh muid deiseanna cruthaitheachta a thabhairt dóibh chun seónna a dhéanamh."
"Tá maoiniú ag teastáil i gcónaí," arsa Darach, "Tá an tobar sách tanaí ó thaobh an mhéid airgead ar féidir a infheistiú i ndrámaíocht. Ach tá deis ann.
"Tá gné uathúil dhíolacháin ar leith ag an teanga. Tá gné uathúil dhíolacháin ar leith ag an lucht scéalaíochta ó thaobh na Gaeilge de. Tá deiseanna ann agus cinnte ba cheart tuilleadh infheistithe a bheith ann i gcónaí."
"Tá an tsuim agus an t-éileamh ann."
Beidh an tsraith iomlán Crá a Dó ar fáil ar TG4 agus ar BBC iPlayer ón Mhairt 3 Mí na Samhna. Tá sraith a haon ar fáil ar Sheinnteoir TG4 agus ar BBC iPlayer faoi láthair.





