Beidh an compántas amharclainne Aisling Ghéar ag dul ar chamchuairt lena ndráma úr, ag toiseacht ar an 19 Deireadh Fómhair san Amharclann Everyman i gCorcaigh. 

Beidh an grúpa ag dul chuig seacht n-ionad ar fud na tíre, agus beidh siad sa Chultúrlann i mBéal Feirste idir an 2 agus an 5 Samhain.

"Leagan úr de Pygmalion atá ann, le George Bernard Shaw," a deir stiúrthóir an chompántais, Bríd Ní Ghallchóir, "ach beidh aithne níos fearr ag daoine air mar My Fair Lady.

"Tá muidne tar éis an dráma a scríobh agus a uasdátú go Béal Feirste 2026, nuair atá muid ag plé na Gaeilge. Cé a labhraíonn í? Cad é an t-aitheantas atá ann do chainteoirí Gaeilge uirbeacha?"

Tarraingíonn an dráma ar phobal Ghaeltacht Bhéal Feirste agus ar an dóigh a bpléann siad leis an teanga, téama a bhíonn ina ábhar díospóireachta, a deir Bríd. 

"Tá An Cheathrú Ghaeltachta againn i mBéal Feirste dár ndóigh, ach ar bhealach tá díospóireacht ann idir mhuintir na nGaeltachtaí agus na nGaeltachtaí uirbeacha. An bhfuil 'snobaireacht' ag baint leis?

"Mar shampla, tá triúr leas-mhac agam, agus tógadh iad go hiomlán trí Ghaeilge. Ach ní bheadh siadsan sásta a rá gur cainteoirí ó dhúchas iad. Ach pléann muid an cheist ar bhealach atá siamsúil agus greannmhar agus spreagúil."

Aithneoidh lucht féachana tírdhreach Bhéal Feirste a bheas fite fuaite fríd an scéal, agus ní nach ionadh go mbeidh ról mór ag Oireachtas na Samhna ann fosta!

"An set-up atá ann ná sa dráma é féin ná go gcluineann an t-Ollamh Higgins beirt chailín óg ag caint i nGaeilge taobh amuigh de Halla na Cathrach. Gaeilge Bhéal Feirste atá ann.

Ar sise, "Agus tá sé ag rá go bhfuil siad ag milleadh na teanga, ach deir sé chun trí mhí a thabhairt dó agus tabharfaidh sé an cailín chuig an Oireachtas, agus sílfidh daoine gur garneacht í le Seosamh Mac Grianna.

Tá aisteoirí mór le rá sa dráma, amhail Seán T. Ó Meallaigh, Noni Stapleton agus Deirdre Molloy. Chuaigh Bríd agus an compántas ar chamchuairt éisteachta le réalta an dráma a aimsiú.

"Éilís atá ar Eliza Doolittle s'againne. Chonaic mé breis agus seasca sna héisteachtaí, agus bhí siad go hiontach! Eithne Carson a fuair an pháirt sa deireadh."

Fuair fear chéile Bhríd, Gearóid Ó Cairealláin, bás ag deireadh na bliana 2024. Bhí sé ar dhuine de cheannródaithe na Gaeilge i mBéal Feirste, agus deir sí gur uaidh féin a tháinig coincheap an dráma. Ba í Nuala Ní Néill a scríobh an script.

"Bhí sé ag obair air ach ní raibh riamh an t-airgead againn leis an dráma a dhéanamh. Ach chuir mé iarratas isteach chuig an Chomhairle Ealaíon ó dheas agus fuair muid deontas mór.

Ar sise, "Ar an drochuair níl Gearóid thart lena dhéanamh ach is coincheap s'aigesan atá ann. Thóg mé féin agus Nuala Ní Néill é agus scríobh sí script atá iontach greannmhar ar fad, agus cliste agus nua-aimseartha."

Deir Bríd go bpléitear ceisteanna ábhartha sa scéal ó thaobh na teanga de sa lá atá inniu ann, dala théamaí na hathbheochana agus téamaí an bhróid atá ar dhaoine anois an Ghaeilge a bheith acu. 

"Bíonn gach teanga ag athrú. Bhí teanga s'againne faoi chois ar feadh na mblianta, agus b'fhéidir nár athraigh sí mar gheall air sin. Ach an beocht sin atá leis an teanga ar fud na tíre, agus an dóigh a bhfuil sí ag athrú anois, b'fhéidir gurb í sin an teachtaireacht sa scéal."

Leanann sí ar aghaidh, "Is míorúilt í an Ghaeilge. Bhí sí ag streachailt in éadan na teanga is láidre ar domhan, an Béarla, ach mhair sí agus sílim go bhfuil daoine ag éirí níos bródúla as an teanga, agus cead acu í a labhairt. B'fhéidir nach bhfuil sí foirfe, ach tá sí ann, agus go mairfidh sí agus go mbeidh sí faoi bhláth."