Tá an eagraíocht ionadaíochta don earnáil óige Ghaeilge, Fóram na nÓg, ag reáchtáil comhdhála i nDún Geanainn ar an tseachtain seo chugainn. 

Is ag Cnoc Uí Néill, Dé Céadaoin, an 16 Meán Fómhair a bhéas an chomhdháil ag tarlú agus beidh clár de cheardlanna, de chainteoirí agus d'acmhainní á chur i láthair. Pléifear pleanáil teanga, forbairt na ndaoine óga, agus ról na hóige in athbheochan na Gaeilge. 

Beidh cainteoirí amhail Róisín Nic Liam, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Seán Mac Brádaigh, agus tuilleadh eile nach iad, mar chuid den lá. Beidh ionadaí ón Údarás Oideachais ann chomh maith, agus beidh deis ag na grúpaí a bhéas i láthair teacht le chéile i ngrúpaí le smaointe agus straitéisí a phlé.

Dúirt Dáire Mac Meanman, atá ina Oifigeach Cumarsáide agus Tionscadail le Fóram na nÓg, go bhfuil sé tábhachtach daoine a thabhairt le chéile ag ócáidí mar seo.

"Tá muid ag iarraidh daoine a thabhairt le chéile agus béim a chur ar théamaí na teanga, na gluaiseachta, agus ar thábhacht na gcumann óga ina leithéid."

Rinne Dáire agus baill eile den eagraíocht seó bóthair le linn an tsamhraidh, agus d'aithin siad ansin go raibh suim ag grúpaí éagsúla san obair a bhain le pleanáil teanga. 

"Is deis foghlama dóibh í an chomhdháil seo fosta, agus beidh deis mhaith ann plé a dhéanamh ar na téamaí fosta."

Dúirt Dáire go raibh sé tábhachtach an ócáid a eagrú in áit a mbeadh fóirsteanach do ghrúpaí ó fud fad an chúige.

"De ghnáth bíonn na himeachtaí i mBéal Feirste, ach is maith é a bheith in áit atá measartha lárnach go gach duine.

"Tá grúpaí ann nach bhfaigheann cuid mhór deiseanna chun teacht le chéile le rudaí a phlé, mar sin tá sé tábhachtach go mbeidh deis ag na grúpaí sin bualadh le daoine eile."

Beidh Comhdháil na hEarnála de chuid Fhóram na nÓg ar siúl san ionad Hill of the O'Neill, Dún Geanainn, ar an 16 Meán Fómhair.