Bhí níos mó ná dhá chéad duine ó ollscoileanna ar fud an domhain i láthair ag comhdháil in Ollscoil Uladh le linn na seachtaine, áit a ndearnadh plé ar ról na ríomhairí i bhfoghlaim teanga.
Maoiníonn Peaceplus an tionscadal Framing the Legacy of our Irish and Scottish Heritage, nó FLOURISH, in Ollscoil Uladh. Is é an Dr Stephen Carson atá mar bhainisteoir an tionscadail, agus thug sé féin caint ag an chomhdháil.
"Bíonn an chomhdháil seo ag díriú ar CALL, nó Computer Assisted Language-Learning.
"Tá an-bhéim ar AI i mbliana, agus ar éagsúlacht teanga chomh maith. mar chuid de sin bhí deis agamsa caint a dhéanamh ar an tionscadal FLOURISH, a mbím ag bainistiú anseo."
Luaigh an Dr Carson torthaí ón NI Life and Times Survey (NILT) mar chuid dá chur i láthair, agus dúirt sé go raibh iontas ar a raibh i láthair ó gach cearn den domhan gur shíl cuid ar bith den phobal ó thuaidh gur drochrud a bhí ann Gaeilge a bheith ar churaclam na scoile.
"Tháinig sé sin aniar aduaidh ar an lucht féachana nach raibh eolach ar an chomhthéacs s'againne.
"Ní raibh daoine eolach ar an Ultais. Bhí siad eolach ar an Ghaeilge ach ní raibh ar Ghaeilge na hAlban. Bhí mé ag labhairt le duine amháin go speisialta agus bhí iontas uirthi nuair a bhí mé ag labhairt faoi cé chomh conspóideach is a bhí teangacha. Ach ansin bhí sí ábalta sin a nascadh leis na Trioblóidí."
Bhí deis ag toscairí na comhdhála smaointe a roinnt, agus pléadh aipeanna foghlama agus an tionchar ar féidir le canúintí agus stíleanna éagsúla cainte ar an fhoghlaim féin.
"Bhí roinnt daoine ag labhairt faoi na háipeanna atá ar fáil faoi láthair d'fhoghlaim an Bhéarla. Dúirt fear amháin go raibh aip ann a chuidigh go mór le foghlaim Bhéarla Mheiriceá. Ach dúirt sé gur chuir an aip brú ar dhaoine a bheith ag labhairt ar dhóigh áirithe, gan comhthéacs.
"Is féidir leis an Intleacht Shaorga a bheith iontach úsáideach, mar seo rud nach n-éiríonn sé dubh dóite, nach n-éiríonn sé feargach, agus thig leis tú a cheartú. Mar sin tá sé go hiontach ar bhealach."
Ach deir sé go gcaithfidh forbróirí agus déantóirí aipeanna a bheith cúramach faoina gcur chuige nuair atá na haipeanna seo a chur le chéile acu.
"Ach ar an taobh eile, braitheann sé ar an dóigh bhfuil sé curtha le chéile. Ar na daoine a chuir leis agus ar an ábhar, agus na spriocanna.
"Mar shampla, baineann caighdeán na Gaeilge leis an ghramadach agus leis an litriú, ach níor bhain sé riamh leis an chaint. Bheadh baol ann go mbeadh cuid de na canúintí i ndeacracht."
Deir sé, áfach, gur tábhachtach gurb ann do na háiteanna agus deiseanna seo do theangeolaithe, agus nach mór daofa a bheith chun tosaigh ar na forbairtí is úire i ndomhan na foghlama agus na dteangacha.
"Is iontach go mbíonn daoine ag teacht le chéile leis na rudaí seo a phlé, agus ag comhroinnt smaointe. Tugann sé deis do dhaoine a gcuid taighde féin a chur i láthair agus aiseolas a fháil.



