Tháinig teaghlach Bláthnaid Uí Mhaoilmheanna agus ionadaithe ó Laochra Loch Lao le chéile chun seic a bhronnadh ar an charthanas Brainwaves NI.
Dúirt Colin McMillan, Cathaoirleach Brainwaves NI, go mbeadh an t-airgead ina chuidiú ollmhór don charthanas, arb é an t-aon charthanas dá leithéid é sa tuaisceart. Tacaíonn siad le daoine a bhfuil meall inchinne orthu.
"Tá cúigear scoláirí PhD againn faoi láthair. Déanann muid taighde iardhochtúireachta a mhaoiniú chomh maith."
Is oibrithe deonacha iad baill uilig an choiste sa charthanas, agus bhí tionchar éigin ag ailse inchinne ar achan duine acu. Chaill Colin féin a bhean chéile roinnt blianta ó shin.
"Tá nasc againn uilig ar an choiste leis an charthanas mar go raibh muid uilig ag streachailt ag pointe éigin mar gheall ar ailse inchinne."
Ag caint leis faoin obair ar cheart a dhéanamh chun dul i ngleic leis an fhadhb, dúirt Colin gur chóir i bhfad níos mó airgid a chaitheamh ar chúrsaí taighde.
"Ní mór i bhfad níos mó airgid a chaitheamh ar thaighde. Cluineann muid an figiúr i gcónaí nach gcaitear ach aon faoin chéad den chaiteachas iomlán ar thaighde ailse ar ailse inchinne. Tá sé scannalach.
"Ar ndóighe níl sé éasca taighde a dhéanamh ar an inchinn, ach tá níos mó comhoibrithe de dhíth. Caithfidh an rialtas tuiscint a bheith aige ar cé chomh holc is atá sé seo, agus tuilleadh airgid a infheistiú ann. Má bhíonn tuilleadh taighdeoirí ann is amhlaidh is fearr é."
Dúirt sé go gcuidíonn an carthanas le daoine a thabhairt le chéile atá i ndiaidh tionchar na hailse a mhothú, agus gur féidir leis sin a bheith ina fhaoiseamh do na daoine sin.
"Labhair mé ag ócáid in Ollscoil na Tríonóide le déanaí, agus dúirt mé lena raibh ann gur chóir do thacaíocht neamhchliniciúil a bheith mar chuid den phróiseas cúraim. Tchím an t-am ar fad é, nuair a thagann daoine le chéile chun comhrá a dhéanamh, bíonn sé ina chuidiú ollmhór."



