Tá lá spraoi á eagrú ag an chumann peile, Laochra Loch Lao, i gcuimhne ar a n-imreoir Bláthnaid Ní Mhaoilmheanna, a fuair bás níos luaithe i mbliana nuair a bhí sí cúig bliana d'aois.

Is ar an 22 Lúnasa a bhéas 'Lá na Laochra - in ómós do Bhláthnaid' á reáchtáil i Spórtlann na hÉireann. Beidh teaghlach Bhláthnaid ann agus beidh comórtais pheile, preabchaisleán agus cluiche d'fhoireann na máithreacha an chlub ar an lá chomh maith. Rachaidh achan phíosa airgid chuig an charthanas Brainwaves, a thacaigh go mór le teaghlach Bhláthnaid le linn a tinnis. 

Deir mamaí Bhláthnaid, Padraigín Uí Mhaoilmheanna, go raibh Bláthnaid ina cailín óg lán craic agus grá.

"Roimh an tinneas, bhí cuid mhór fuinnimh aici! Páiste óg a bhí inti, bhí sí i gcónaí ag iarraidh a bheith ag súgradh lena cairde agus leis an deirfiúr bheag s'aici Duailtín.

"Bláthnaid s'againne. Bhí sí lán grá i gcónaí. Iontach cineálta. Bhí grá an domhain aici do mhamaí, do dhaidí agus do Dhuailtín, agus don teaghlach uilig. 

"Bhí grá aici don spórt. Bhí sí ag imirt le Laochra Loch Lao suas go dtí faoi 5, agus bhain sí an-sult as. Fiú nuair a bhí sí san otharlann agus í ag déanamh a fisió, bhí sí i gcónaí ag iarraidh an 'cos go bos' agus an pás lámha a chleachtadh."

Fuair teaghlach Bhláthnaid amach go raibh sí tinn i mí na Bealtaine 2025 nuair a bhí sí ceithre bliana d'aois. Bhí meall inchinne uirthi dar teideal 'high-grade glioma.'

"Thosaigh sí ag caitheamh aníos ar feadh seachtaine, agus dúirt sí go raibh an muinéal s'aici nimneach ar cúl. Bhí mé ag an dochtúir léi, san otharlann, agus bhí siad uilig ag rá go raibh rud éigin cearr leis an bholg s'aici.

"Ansin bhí muid thuas ag Tír na nÓg agus chonaic mé go raibh rudaí ag titim óna lámha agus go raibh sí ag siúl go haon-taobh, agus ghlac mé chuig an otharlann í láithreach arís."

Fuair Bláthnaid scanadh agus nuair a d'iarr na dochtúirí ar Phadraigín an raibh siad ag iarraidh Bláthnaid a bheith sa seomra nuair a tháinig siad ar ais leis na torthaí, bhí a fhios acu go raibh rud éigin cearr.

"Dúirt siad linn gur brain tumour a bhí ann, ní raibh a fhios againn cén cineál. Ach chuaigh sí faoi scian ar an Luan ina dhiaidh sin. 

"Ghlac Bláthnaid le gach rud ina 'stride' s'aici. Ba chuma léi, bhí sí ag súgradh, ag gáire, ní raibh sí ag tabhairt amach. Bhí sí sásta go raibh muid léi an t-am ar fad.

"Ghlac siad chor a bheith sé seachtaine sular tháinig siad ar ais leis an diagnóis cheart. Ní raibh sí ábalta radaiteiripe a fháil go dtí go bhfuair muid na torthaí ar ais ó Great Ormond Street. Ghlac sé tamall fada sular tharla rud ar bith. In san am sin, d'fhas an tumour arís agus dúradh linn go mb'fhéidir nach mbeadh sí ábalta an radaiteiripe a fháil."

Bhí ar Bhláthnaid dul faoi scian arís, sular thosaigh an radaiteiripe, rud a chiallaigh go raibh sí i ndiaidh dhá obráid a fháil taobh istigh de thrí seachtain.

"I ndiaidh an radaiteiripe thosaigh muid ag amharc fá choinne cóireála thar sáile agus cad eile a thiocfadh linn a dhéanamh. Agus i rith an ama bhí muid ag amharc ar laethanta saoire a eagrú agus ar chuid mhór rudaí a eagrú do Bhláthnaid agus Duailtín.

"Nuair a smaoiníonn tú siar air, bhí sé iomlán ar mire, ach ag an am bhí tú in 'fight-or-flight' mode."

Fuair Bláthnaid bás ar an 11 Feabhra i mbliana, ag aois a cúig. 

Deir Padraigín gur mhó an tacaíocht a thug pobal Bhéal Feirste di ag an am, agus ó shin i leith.

"Ní thiocfadh linn a rá cé chomh cineálta agus cé chomh maith is a bhí achan duine. Ní raibh orainn aon rud a eagrú. Ní raibh orainn rud ar bith a dhéanamh ag an am sin, bhí sé déanta dúinn cheana féin. Nuair a tháinig muid abhaile, bhí an teach réidh, bhí bia ann do dhaoine. 

"Fiú ina dhiaidh, bhí achan duine go fóill thart orainn. Na teachtaireachtaí, ag iarraidh Duailtín a ghlacadh ar feadh cúpla uair a chloig. Rinne an scoil crann cuimhneacháin di, agus ansin bhí gairdín Bhláthnaid ann in Anam, agus anois an lá spraoi seo.

"Tá daoine go fóill ag smaoineamh fúithi agus ag smaoineamh fúinn. Agus tá sé sin ina thógáil croí."

Ag caint léi faoin lá, dúirt Padraigín gur deas an smaoineamh é an lá a bheith ag pilleadh bliain i ndiaidh bliana as seo amach, agus gur dóigh mhaith a bheas ann chun cuimhneamh a dhéanamh ar Bhláthnaid.

"Bhí an-dúil ag Bláthnaid sa pheil agus an-ghrá aici do Laochra, agus thug Laochra an oiread tacaíochta dúinn ó fuair siad amach go raibh Bláthnaid tinn.

"Is lá é seo a thig linn a bheith ag dúil leis achan bhliain. I gceann cúpla bliain beidh foireann Bhláthnaid ag imirt sa blitz agus ansin foireann Dhuailtín. Agus tá sé sin galánta."

Ar sise, "Tá mé ar bís go bhfuil an lá spraoi ag tarlú, go mbeidh an pobal s'againne ábalta cuimhniú a dhéanamh ar Bhláthnaid agus tacú le Brainwaves. Déanann siadsan obair ar dóigh agus tá mé iontach buíoch gur féidir linn rud éigin a thabhairt ar ais dóibh.

Ag caint léi faoin lá, dúirt Bríd Nig Aoidh, Oifigeach For-Rochtana Pobail le Laochra Loch Lao, go bhfuil siad ag dúil go mór leis an lá.

"Beidh blitz faoi-aois againn agus blitz 'Gaelic for Mothers and Others' againn chomh maith."

Seo an chéad Lá na Laochra in ómós do Bhláthnaid atá á eagrú ag an chumann, agus ba mhaith leo é a dhéanamh ina imeacht bliantúil. 

"Tá muid ag iarraidh go mbeidh daoine ó gach gné den chumann ann, agus muid ag cur tús le lá bliantúil, ag ceiliúradh an chumainn agus ag déanamh ómóis do Bhláthnaid."

Beidh "Lá do Bhláthnaid" á reáchtáil ar an 22 Lúnasa ó 9.30 ag Spórtlann na hÉireann.