Tá fear de bhunadh Bhóthar Seoighe i ndiaidh tús a chur le ról úr sa Roinn Oideachais agus é ar iasacht óna ról mar phríomhoide.
Bhí Diarmaid Ua Bruadair ina phríomhoide bunaitheoir ar Ghaelcholáiste Dhoire i nDún Géimhin, áit a raibh sé ar feadh aon bhliain déag, ó d'oscail an scoil a cuid doirse in 2015. Roimhe sin bhí sé mar Cheann Roinn na Staire i gColáiste Feirste, agus Múinteoir Sinsearach i gceannas ar Eochairchéim a Ceathair.
Comhpháirtí Ceannaire Córais sa Roinn Oideachais an teideal atá ar ról úr Dhiarmada, agus deir sé go bhfuil sé seo ina phointe nádúrtha eile ar thuras an mhúinteora.
"Téann tú suas mar mhúinteoir, ansin mar cheannaire ar roinn, ansin b'fhéidir mar leas-phríomhoide nó mar phríomhoide ansin is ceannaire scoile thú. Anois tá siad ag amharc ar dhaoine ag leibhéal an chórais ar cad iad na feabhsúcháin ar féidir a dhéanamh ag an leibhéal sin."
Dúirt sé gur mhothaigh sé féin agus Bord na nGobharnóirí i nGaelcholáiste Dhoire go raibh an scoil ag pointe ina mbeadh sé féin ábalta dul amach ar iasacht gan a bheith buartha faoi fheidhmiú na scoile.
"Le roinnt mhaith blianta anuas tá muid i ndiaidh infheistíocht shuntasach a dhéanamh sna ceannairí sinsireacha i nGaelcholáiste Dhoire, agus sna meáncheannairí.
"Mothaímse, agus aontaíonn na Gobharnóirí liom, go bhfuil ceannairí sa scoil atá ábalta an scoil a bhainistiú, a fhorbairt agus a reáchtáil, agus léiríonn sin aibíocht agus fás sa chóras."
Tarraingíonn sé ar laethanta a óige ag fás aníos ar Bhóthar Seoighe mar inspioráid dó, agus ar scéalta na gceannródaithe a chuir Bunscoil Phobail Feirste agus Meánscoil Feirste ar bun.
Leoga, deir sé go bhfuil cuimhne mhaith aige óna chéad chuairt ar oifig na roinne i dTeach Rath Gaol i mBeannchar sna nóchaidí, agus é i mbun agóide!
"An chéad uair riamh go raibh mé i dTeach Rath Gaol ag tús na nóchaidí bhí muid ag déanamh agóide ar an bhóthar taobh amuigh de maidir le maoiniú a chur ar fáil do Mheánscoil Feirste.
"Chuaigh muid síos leis na bataí scóir ceangailte lenár muineál agus cheangail muid iad leis na geataí i Rath Gaol."
Síleann sé go bhfuil daoine i bhfad níos oscailte anois don Ghaeloideachas ná mar a bhí, áfach, agus gur athraigh na dearcthaí ó naimhdeas go haineolas.
"Bagraíodh an dlí ar bhunaitheoirí Bhunscoil Phobail Feirste. Bhí naimhdeas ann ag an tús, agus is dóiche go raibh sé ann ar feadh tamaill mhaith. Ina dhiaidh sin bhí céim eile ann, 'is cuma linn faoi Ghaelscoileanna, déanfaidh siad siúd a rud féin.'"
Ar seisean, "Tá sé sin ag athrú anois. Ó bhí 1998 ann tá dualgas reachtach ar An Roinn Oideachais le freastal ar an Ghaeloideachas agus í a fhorbairt."
Deir an tUasal Ua Bruadair go bhfuil dualgas air féin agus ar cheannairí eile chun guth láidir, réalaíoch, uaillmhianach a chur chun tosaigh agus a fhorbairt ar an bhealach is fearr.
"Bíonn daoine ann agus níl a fhios acu cad é an rud é nach bhfuil a fhios acu! Fiú mura bhfuil siad naimhdeach, níl a fhios acu cad é an rud is fearr. Tá sé mar a bheadh teilifís dhaite a mhíniú do dhuine a d'amharc ar theilifís dubh agus bán caoga bliain ó shin."
Amhail príomhoide Choláiste Feirste, deir Ua Bruadair gurb é easpa múinteoirí ar na dúshláin is mó roimh an earnáil na laethanta seo.
"Tá na Gaelscoileanna ag fás, agus níl na hinstitiúidí tríú leibhéal ag soláthar múinteoirí dúinn ar an ráta ar chóir daofa a bheith.
"Is dúshlán maith é ar bhealach, sa mhéid is go léiríonn sé go bhfuil suim agus spéis ag tuismitheoirí agus daltaí sa Ghaeloideachas."
Tá sé den bharúil gur chóir amharc ar Thír na mBascach nó ar an Bhreatain Bheag, áiteanna a gcuirtear scéimeanna ar leith ar fáil le teangacha dúchasacha a theagasc do mhúinteoirí atá cáilithe cheana féin. Deir sé go gcaithfear amharc ar na mórdeacrachtaí in earnáil an mhúinteoireachta chomh maith.
"Baineann sin le hualach oibre, le tacaíocht, le meanma. Baineann sé le coinníollacha oibre. Is féidir na rudaí sin a chinntiú agus múinteoirí a choinneáil sa seomra ranga in áit iad a chailleadh chuig post eile ar an ábhar go bhfuil siad dóite amach."
Tá súil aige a bheith sa ról seo ar feadh bliain nó dhó sula bpilleann sé ar ais ar a ról mar phríomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, agus tá sé mar sprioc aige guth agus mana an Ghaeloideachais a chur i lár na gcomhráite ag na leibhéil is airde.
"Is é an sprioc is mó atá agam agus mé ag toiseacht amach ar an ról úr seo ná cinntiú go bhfuil guth an Ghaeloideachais in áit nach raibh sí le cloisteáil roimhe seo.
"Agus go bhfuil éifeacht agus tionchar ag an ghuth sin ar na polasaithe, na cinntí agus na straitéisí a fhorbraíonn An Roinn Oideachais, agus go mbeidh cothrom na Féinne curtha ar fáil do na daltaí atá ina suí sna seomraí ranga inár scoileanna."



