Beidh na móra agus na maithe ag cruinniú le chéile in Halla na Cathrach Dé hAoine, mar a dhéanfar ceiliúradh ar fiche bliain de cheadúnas Ofcom de chuid Raidió Fáilte. 

Beidh Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Róis Máire Ní Dhonnghaile, i láthair, agus beidh cainteanna ón Choimisinéir um Fhorbairt na Meán ó dheas, Rónán Ó Domhnaill, agus ón Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds. Beidh ceol ar an oíche ó Chlann Mhic Ruairí agus Bréag.

Rinneadh an chéad chraoladh de chuid Raidió Fáilte ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1985, le Gearóid Ó Cairealláin nach maireann. Raidió Feirste a bhí air ag an am, ach ní go dtí 2006 a fuair an raidió ceadúnas iomlán pobal. 

Bhí ócáid ag an stáisiún i mí an Mhárta anuraidh chun daichead bliain ar an fhód a mharcáil, agus uaidh sin amach reáchtáil siad imeachtaí, cainteanna, agus craoltaí speisialta chun stair agus stádas an raidió a cheiliúradh. 

Deir bainisteoir an staisiúin, Cillian Breatnach, go bhfuil dhá thréimhse ar leith i gceist nuair a bhíonn stair Raidió Fáilte á plé. 

"Tá an tréimhse sin ann nuair a bunaíodh an stáisiún agus nuair a bhí achan rud déanta go deonach. Eoghan Ó Néill, Gearóid Ó Cairealláin, agus Aoife Ní Riain a bhí ina bpríomhthriúr sna luathlaethanta.

"An sprioc a bhí ann i gcónaí le meán raidió Gaeilge i mBéal Feirste ná go mbeadh seirbhís ann don phobal, mar go raibh an t-éileamh ann. 

"Shocraigh na chéad daoine é a dhéanamh iad féin. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh sé trasphoblach, proifisiúnta, agus go mbeadh sé ag cur scéalta agus nuachta agus cúrsaí reatha ar fáil do dhaoine a bhí ag éileamh a leithéid.

"Tháinig Fergus Ó hÍr agus Máire Nic Fhionnachtaigh in 2004 agus 2005."

B'iomaí duine a chuir síos ar an stáisiún mar raidió bradach sula bhfuair siad a gceadúnas, ach dar le Cillian níl an cur síos sin go hiomlán cruinn, mar gur stáisiún raidió pobail é Raidió Fáilte agus níorbh ann don cheadúnas ar leith sin go dtí 2005.

Ar seisean, "Bhí mian i gcónaí ag Raidió Fáilte aitheantas oifigiúil ó Ofcom a fháil. Bhí siad i gcónaí sa tóir ar rannóg sa rialtas a bhí ábalta a rá go socródh siad ceadúnas dóibh.

"Níorbh ann do cheadúnas raidió pobail go dtí 2005. Bhí stáisiúin raidió pobail eile, idir Alba, Shasain, an Bhreatain Bheag agus na sé chontae ag feidhmiú ar an dóigh chéanna is a bhí muidne."

Tháinig an ceadúnas sa deireadh agus thosaigh an stáisiún ag craoladh go hoifigiúil faoi rialacha Ofcom ar an 15 Deireadh Fómhair, 2006. Bhí ócáid mhór in Halla na Cathrach ar an lá, agus ba é guth Mháire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, an chéad guth a chuala éisteoirí Raidió Fáilte.

Arsa Cillian,"Ní hé nach raibh sé gairmiúil nó proifisiúnta roimhe sin, ach nuair a tháinig Fergus agus Máire ar bord, thóg siad é go leibhéal iomlán eile, agus bhí triúr fostaithe. Fergus mar bhainisteoir, Máire mar Leasbhainisteoir agus Bainisteoir Airgeadais, agus Eoghan Ó Néill mar Irischraoltóir.

"Leis an ócáid seo tá muid ag iarraidh díriú ar an tréimhse sin nuair a d'aistrigh an raidió ó a bheith go hiomlán deonach go dtí rud éigin a bhí ag feidhmiú ar leibhéal iomlán eile."

Tháinig rólanna eile i ndiaidh an chéad thriúr sin, Dónall Mac Murchaidh mar Oifigeach Traenála, agus Ian Malcom agus Seán Ó Muireagáin mar chraoltóirí páirt-aimseartha, i measc daoine eile. 

Chaith an stáisiún roinnt blianta sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál, agus in Ionad an Dá Spuaic. Cé gur éirigh go maith leis sa dhá áit sin, bhí a spás féin de dhíth air. Bhog an stáisiún isteach chuig an ionad sáintógtha acu ar Shráid Dubhaíse i mí Dheireadh Fómhair 2018, agus osclaíodh é go hoifigiúil ar an 19 Márta 2019. 

Thosaigh Cillian mar bhainisteoir i mí Eanáir 2021, nuair a bhí an pobal go fóill faoi shrianta Covid-19. Agus ba é ceann de na chéad chlocha a bhí ar a phaidrín ná an limistéar craolacháin a leathnú. 

"De ghnáth ní féidir le raidió pobail a bheith ag craoladh cúig mhíle taobh amuigh den stáisiún féin," a deir sé, "ach d'éirigh linn méadú suntasach a fháil."

Anois is féidir an raidió a chluinstin beo ó dheas a fhad le Droichead na Banna, agus thoir go Carraig Fheargaís agus Sruth Chráfard. Stopann sé fá cheantar Ghleann Ghormlaithe ó thuaidh. Ciallaíonn an tuilleadh clúdaigh gur féidir leis an stáisiún aschur níos cuimsithí a dhéanamh, agus tuilleadh scéalta a chlúdach dá lucht éisteachta.

Anois agus deichniúr ag obair sa stáisiún, triúr páirtaimseartha agus seachtar lánaimseartha, tá foireann an raidió i ndiaidh roinnt de na hócáidí is mó sa tír a chlúdach le blianta beaga anuas.

Irischraoltóir Raidió Fáilte, MaryClaire Nic Uilliam
2Gallery

Irischraoltóir Raidió Fáilte, MaryClaire Nic Uilliam

"Thosaigh muid go mór anuraidh agus i mbliana ag iarraidh a bheith amuigh ar an bhóthar ag dul chuig pobail fud fad na sé chontae agus an deiscirt, le clúdach a dhéanamh ar na feistí atá ar siúl ag daoine.

Ar seisean, "Mar shampla Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire, Féile Shean-nós Ard Mhacha Theas thíos i dTí Chulainn, Éigse na nGlinntí i mBun Abhann Dalla."

Déanann siad clúdach ar mhórimeachtaí ar nós an Phicnic Leictreach, Oireachtas na Samhna agus Féile na Gealaí chomh maith, go minic mar chuid de chomhchraoltaí le Raidió na Life. Is minic iad a bheith ag obair le Raidió na Gaeltachta chomh maith. Rinne siad clúdach beo ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana den chéad uair chomh maith. 

"Seo rudaí úra, nua-aimseartha, nach raibh Raidió Fáilte ag déanamh mórán de mar gheall ar easpa achmhainní daonna agus áiseanna. Ach anois tá foirgneamh sáintógtha againn, tá trealamh againn, agus tá rudaí ar leith againn a ligean dúinn a leithéid a dhéanamh."

Tá síneadh faighte acu cheana féin don cheadúnas Ofcom, agus tá todhchaí Raidió Fáilte slán anois ar feadh deich mbliana eile. 

"Bhí trí rud i gceist le Raidió Fáilte i gcónaí. Craoltóir, grúpa Gaeilge, agus ionad pobail Ghaeilge. Áit agus spás atá oscailte agus a bhfuil fáilte ann do dhaoine teacht isteach agus a bheith ábalta iad féin, agus na tuairimí s'acu, a chur in iúl."