Beidh seans ag lucht na gcluichí ríomhaireachta teanga na Gaeilge a thabhairt slán, i gcluiche úr a sheolfar níos moille i bliana.
Is forbróir bogearraí é Ryan Carlin, agus cé nár oibrigh sé ar thionscadal cluiche ríomhaire riamh, d'fhorbair sé an cluiche 'An Ghaeltacht Dheireanach' don ardán Steam.
Dala go leor daoine, rinne Ryan Gaeilge ar scoil ach níor bhain sé mórán úsáide aisti agus chaill sé í. Is as Gaeltacht na Mí dá bhean chéile, agus tá páistí acu a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil. Iarracht a bhí sa tionscadal seo, mar sin, an chailliúint sin a cheartú.
"Mhothaigh mé go raibh rud éigin caillte agam. Bhí náire orm nach raibh mé ábalta ár dteanga féin a labhairt.
"Nuair a tháinig mé go Béal Feirste, chuaigh mé ar ais go ranganna Gaeilge agus thosaigh mé ag foghlaim arís. Sa deireadh rinne mé an A-Leibhéal, deich mbliana ó shin anois.
"Tá mé ag obair ar an togra seo le deich mbliana i mo chuid ama saor. Tá mé ag déanamh an chluiche liom féin den chuid is mó, mar sin caithfidh mé gach rud a dhéanamh! Na leibhéil, na carachtair, an scéal, an Ghaeilge, an script, an taisteal."
Agus é go fóill ag foghlaim na teanga, deir Ryan go bhfuil forbairt an chluiche mar chuid dá aistear féin leis an Ghaeilge, agus go mbíonn sé ag foghlaim focail agus frásaí úra gach aon lá.
Tosaíonn scéal an chluiche leis an Ghaeilge chor a bheith imithe, agus gan ach Gaeltacht amháin fágtha. Tá Béarlasaurs ann ar mhaith leo an teanga a scriosadh ina hiomlán. Tagann siad chuig an Ghaeltacht Dheireanach agus caithfidh sionnach beag darb ainm Rua Óg, agus sean-chrogall darb ainm Páidí, an Ghaeilge a shábháil. Taistealaíonn siad ar fud na tíre ag troid in éadan na mBéarlasaurs.

Bhí meascán na n-aoiseanna sna carachtair iontach tábhachtach do Ryan.
"Sílim go bhfuil freagracht orainn uilig, idir óg agus aosta, an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh. Sin an fáth go bhfuil Rua Óg agus Páidí chomh tábhachtach don scéal. Tá Rua ag foghlaim ó Pháidí, ach tá Páidí ag foghlaim ó Rua fosta. Ní féidir leo an Ghaeilge a shábháil ach le chéile.
"Tugann an difríocht idir an bheirt acu deiseanna don ghreann fosta!
"Tá an ghlúin níos sine ag tabhairt na teanga agus an chultúir ar aghaidh, ach caithfidh an ghlúin nua an Ghaeilge a úsáid, í a fhás agus í a thabhairt leo amach anseo."
Tá leathanach an chluiche beo ar Steam anois, agus is féidir le daoine é a chur ar a mianliosta. Deir Ryan gur thosaigh comhrá mór nuair a d'fhógair sé ar na meáin shóisialta go mbeadh an cluiche ar fáil.
"Ní raibh mé ag súil leis na freagraí a fuair mé ar chor ar bith. Fuair mé an oiread sin leantóirí úra agus teachtaireachtaí ag tacú liom. Anois, nuair a sheolfar an cluiche beidh sé ar fáil ar iOS agus Android fosta.
"Bhí sé i gceist agam go mbeadh an cluiche ar fáil in am do Sheachtain na Gaeilge an bhliain seo chugainn, ach bhí an freagra chomh dearfach sin go bhfuil rud beag brú orm anois é a chríochnú níos luaithe ná sin."
Deir Ryan go bhfuil sé ag súil go n-imreoidh tuismitheoirí agus páistí an cluiche le chéile, agus go mbainfidh múinteoirí úsáid as sna seomraí ranga.
"Tá an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil in áiteanna iontacha sa lá atá inniu ann. Leabhair, scannáin, na meáin shóisialta. Ach níl mórán cluichí ríomhaireachta trí Ghaeilge ann.
"Is é an dóchas is mó atá agam ná go n-imreoidh tuismitheoirí an cluiche lena bpáistí, agus go mbeidh grá don teanga ag páistí agus ag teaghlaigh ar fud na tíre."




