Beidh scoth an cheoil Ghaeilge anois ar fáil d'fhoghlaimeoirí agus do lucht éisteachta ar líne, i dtionscadal úr de chuid Chomhaltas Uladh. 

Seoladh suíomh idirlín, www.abairamhran.ie, ar a bhfuil na hamhráin ón leabhar clúiteach 'Abair Amhrán' anois curtha le chéile, le focail, foinn agus nótaí ceoil ag dul leo. Ceolann roinnt de na hamhránaithe is fearr sa tír na hamhráin, Diane Cannon, Clann Uí Mhurchú, Kathryn Ní Mhaoláin agus Bláithín Mhic Cana agus tuilleadh eile nach iad.

Deir Niall Comer ó Chomhaltas Uladh gur togra é a bhfuil fhréamhacha sa dianghlasáil aige.

"Le linn Covid bhí muid ag amharc ar bhealaí áirithe le scéal na Gaeilge a choinneáil ag dul. Togra a bhí ann ag an tús toisc go raibh an t-am againn is dóigh liom. Bhí muid ag smaointiú air seo le tamall fada. 

"Bhí Dermot Mulholland agus Jack Warnock ag plé leis ar dtús, atá lonnaithe fá cheantar An Chairn."

Thug Niall é féin faoi leagan digiteach de na hamhráin a dhéanamh roinnt blianta ó shin. 

"Shíl mé go mbeadh leagan digiteach de dhíth, toisc go mbíodh 'Abair Amhrán' mar leabhar ar sheanphlataí ag clódóirí."

Ar seisean, "De réir a chéile, achan uair a chuir muid an rud i gcló arís bhí an caighdeán ag éirí i bhfad níos lú."

Nuair a bhí na hamhráin uilig clóbhuailte ag an Chomhaltas, chinn siad tabhairt faoin chéad chéim eile agus suíomh idirlín a chur ar bun. 

"Fuair muid rud beag maoinithe ó Roinn an Phobail ag an am. Bhí stiúideo de dhíth agus costais taistil. Bhí na hamhránaithe ar fad breá toilteanach am a thabhairt don togra. 

D'éirigh leis an ghrúpa níos mó ná leathchuid de na hamhráin a thaifeadadh thar thréimhse Covid agus tamall ina dhiaidh sin. Cuireadh ar an mhéar fhada ansin é ar feadh tamaill, ach toisc gurb í seo céad bliain de Chomhaltas Uladh, rinneadh cinneadh i mbliana an togra a chríochnú.

Má théann daoine chuig an suíomh www.abairamhran.ie, tchífidh siad na hamhráin roinnte de réir an leabhair. Má bhrúnn tú ar amhrán, tiocfaidh focail an amhráin, taifead an amhráin agus na nótaí ceoil aníos. Deir Niall go bhfuil an suíomh ar dhóigh a fhágann gur féidir tuilleadh a chur leis, nótaí, míniúcháin agus barra cuardaigh san áireamh.

"Síleann muid go bhfuil an áis seo fíorthábhachtach ar fad. Creideann muid go bhfuil Abair Amhrán ar an leabhar is mó díol i nGaeilge riamh. Tá sé ann ó bhí 1962 ann agus dhá mhíle cóip ag dul amach achan bhliain. Ní dhéanann muid brabús ar bith agus bíonn an t-airgead sin ann le scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil."

Ar seisean, "Tá muid ag caint ar áis anseo a bhéas in úsáid ní hamháin sna scoileanna, sna coláistí samhraidh agus ar bhonn pearsanta, ach anois beidh tionchar aici ar fud an domhain. Beidh daoine in achan chearn den domhan ábalta dul isteach, éisteacht leis an taifead agus na hamhráin a fhoghlaim."