Tá geansaithe a dearadh in ómós d'imreoir óg de chuid Laochra Loch Lao, Bláthnaid Ní Mhaoilmheanna, anois ar díol ar shuíomh O'Neill's.

Reáchtáladh "Lá na Laochra - in ómós do Bhláthnaid" le linn an tsamhraidh, agus tháinig foirne as gach cearn de Bhéal Feirste le chéile chun páirt a ghlacadh i gcomórtas peile faoi-aois. Chuaigh gach píosa airgid a cruinníodh ar an lá chuig an charthanas Brainwaves.

Fuair Bláthnaid bás i mí Feabhra 2026, ag aois a cúig. Bhí meall inchinne uirthi, agus cruinníodh airgead don fheachtas 'Dóchas do Bhláthnaid' chun í a chur chun na Gearmáine le cóir leighis speisialta a fháil. 

2Gallery

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ó Laochra Loch Lao go gcuideodh na geansaithe le tógáil ar oidhreacht Bhláthnaid sa chumann.

"An chúis is mó ná chun feasacht a thógáil ar an tsár-obair a rinne an feachtas ‘Dóchas’ agus thar aon ní eile chun ról agus oidhreacht álainn Bhláthnaid sa chumann a bhuanú i bhféiniúlacht Leanaí Loch Lao agus an ógchumainn."