Bronnadh breis agus dhá mhíle leabhar Gaeilge ar caoga bunscoil ar fud an oileáin a bhuíochas le tionscadal comhpháirtíochta idir Leabhair Pháistí Éireann agus Foras na Gaeilge.

Bronnadh na leabhair chun grá a chothú do leabhair i nGaeilge i measc léitheoirí óga ar fud an oileáin. Fuair Gaelscoil na bhFál i mBéal Feirste níos mó ná caoga leabhar ón scéim.

Deir Catherine McParland, múinteoir rang a ceathair i nGaelscoil na bhFál, go mbeidh na leabhair ina chuidiú ollmhór sa scoil.

"Le cúrsaí airgid ar scoil ar bith na laethanta seo, tagann rudaí cosúil leis seo aníos agus léimeann muid orthu go gasta. 

"Fuair muid breis agus caoga leabhar d'aoisghrúpaí éagsúla ar mhaithe leis léitheoireacht don phleisiúr."

Ní hiad na leabhair amháin a tháinig chun na scoile ach áiseanna foghlama leo, rud a bhéas iontach go deo luachmhar do na páistí, dár le Catherine.

"Tháinig áiseanna tacaíochta leis agus smaointí ar féidir leat a úsáid sa seomra ranga. Ceisteanna le cur ar na páistí sula léann tú an scéal agus i ndiaidh duit an scéal a léamh le níos mó a tharraingt amach astu. 

"I ndiaidh dúinn na leabhair a roinnt thart ar na seomraí agus ar na múinteoirí, rachaidh siad sa leabharlann scoile, agus is féidir leis na páistí iad a thógáil agus a leamh iad féin."

Deir Catherine go bhfuil sé tábhachtach deiseanna léitheoireachta i nGaeilge a bheith ag páistí óga, go háirithe agus an oiread leabhair Béarla ar fáil daofa.

"Tá an oiread sin sa léitheoireacht Bhéarla dóibh, is maith go bhfuil a leithéid againn i nGaeilge. Tá muid ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh chomh tarraingteach céanna leis an Bhéarla dóibh. 

"Ní thosaíonn siad ar léitheoireacht an Bhéarla go dtí deireadh rang a trí nó tús rang a ceathair, is i nGaeilge atá cibé léitheoireachta atá déanta roimhe sin."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann, Elaina Ryan, go bhfuil an-tionchar ag leabhair ar pháistí. 

"Nuair a bhíonn teacht ag leanaí ar leabhair den scoth, féadfaidh sé an-tionchar a bheith aige ar a nósanna léitheoireachta agus ar an sult a bhaineann siad as leabhair.

Ar sise, "Tá áthas orainn tacaíocht Fhoras na Gaeilge a fháil dár dtreoir bhliantúil do leabhair den scoth i nGaeilge, agus i mbliana, a bhuíochas leis an gcomhpháirtíocht seo, is cúis mhór áthais dúinn rogha leabhar iontach i nGaeilge a bhronnadh ar bhunscoileanna ar fud an oileáin.

"Tabharfaidh an bronntanas seo deis do leanaí dul ag fánaíocht i leabhair Ghaeilge agus teacht ar scéalta agus ar phictiúir den scoth agus tá súil againn go mbainfidh siad taitneamh astu sna blianta amach romhainn."