Rinneadh ceiliúradh ar an tsean-nós i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich mar chuid d'Oíche Chultúir Dé hAoine faoi stiúir an cheoltóra mór le rá, Róise Ní Mhurchú.

Bhí an deis ag daoine bualadh isteach sa Chultúrlann agus triail a bhaint as amhránaíocht ar an tsean-nós, i measc go leor imeachtaí eile san ionad cultúir ar Bhóthar na bhFál.

"Bhí go leor imeachtaí ag dul ar aghaidh sa Chultúrlann. Bhí priontáil ar t-léinte. Bhí taispeántas ealaíne. Agus bhí daoine ábalta bualadh isteach agus cúpla véarsa d'amhrán a fhoghlaim," arsa Róise. 

"Bhí sé neamhfhoirmeálta ach ba dhóigh iontach í le daoine a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Ní raibh ach cúpla focal ag achan duine a tháinig isteach chugam, nó b'fhéidir gurb í seo an chéad uair daofa a bheith ag labhairt i nGaeilge."

Tá clú agus cáil ar Róise ar fud an oileáin as a cuid ceoil agus as a bheith ag teagasc an cheoil agus na hamhránaíochta. Bhí baint mhór aici le Fleadh Cheoil na hÉireann 2026, agus deir sí go gcuidíonn an amhránaíocht go mór le foghlaim na Gaeilge.

"Fríd na hamhráin is féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn na rudaí is deacra ó thaobh cúrsaí gramadaí agus ó thaobh na bhfocal is glaine dá bhfuil againn sa Ghaeilge uilig istigh sna hamhráin."

Deir sí fosta go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an spás ag foghlaimeoirí le bheith ar a gcompord agus triail a bhaint as rudaí úra.

"Tá sé iontach tábhachtach go mbíonn rudaí mar seo ar siúl achan lá sa tseachtain! Ach go háirithe ar Oíche Chultúir. Blaiseadh beag a bhí ann do na rudaí ar féidir leat a dhéanamh má théann tú chuig rang Gaeilge nó chuig rang amhránaíochta. 

"Tá sé tábhachtach do dhaoine an deis sin a bhlaiseadh agus gan barraíocht brú nó strus orthu féin. A bhuíochas d'Oireachtas na Gaeilge, bíonn ócáidí mar sin ann an t-am ar fad agus bíonn siad go hiontach chun daoine a mhealladh chun na Gaeilge."