D'oscail Gaelscoil an Lonnáin sa bhliain 1999, agus bhíodh sé thíos ar Shráid Dubhaíse cóngarach don áit a bhfuil an stáisiún Raidió Fáilte anois. Tá sé lonnaithe anois i seanfhoirgneamh a bhíodh mar Scoil Naomh Finnian thiar sa lá, agus ag soláthar oideachais trí Ghaeilge do phobal Íochtar na bhFál.
Thosaigh Mícheál Ó Conghaile mar phríomhoide bliain go leith ó shin i ndiaidh dó ocht mbliana déag a chaitheamh i mBunscoil Bheann Mhadagáin.
"Tá neart le foghlaim go fóill," ar seisean. "Tá mé ag baint an-sult as. Tá an scoil seo go hiontach. Tá atmaisféar iomlán difriúil anseo agus tá mé ag iarraidh scoil chothaitheach a chumadh anseo.
"Bhí athrú mór san athrú ó ról an mhúinteora go ról an phríomhoide. Ach bhí scileanna agam mar go raibh mé i mbun sainriachtanais i mo sheanról. Chuidigh sin go mór liom teacht anseo.
"Tá an scoil seo iontach beag ag an bhomaite, ach rinne muid amhlaidh i mBeann Mhadagáin. Bhí sé iontach beag ag an tús ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin."
Tá tríocha a hocht dalta sa bhunscoil agus seachtar déag idir an naíscoil agus an réamhrang. Deir Mícheál go bhfuil an scoil in áit anois ar féidir léi fás.
"Tá spás anseo. Caithfidh muid an scéal a chur amach ansin go bhfuil spás againn. Tá muid fial flaithiúil roimh gach duine a léiríonn suim. Tá muid ag iarraidh daoine a mhealladh isteach anseo ach tosaíonn sin le caighdeáin a ardú sa scoil.
"Tá muid ag comhoibriú leis An Roinn Oideachais ó thaobh an chóras cigireachta de. Agus tá sé sin ag dul go maith, ó neart go neart. Tá muid ag cur neart imeachtaí ar fáil agus ag freastal ar gach imeacht do Ghaelscoileanna.
"Tá muid ag iarraidh go dtiocfaidh daoine chuig an scoil seo. Caithfidh muidne rudaí a chur ar fáil ag an am chéanna. Tá muid in iomaíoch, ar dhóigh, leis na scoilteacha eile."
Cuireann an tUasal Ó Conghaile an-bhéim ar sholáthar a dhéanamh ar pháistí a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu, agus an saineolas sin aige óna sheanphost.
"Tá muid ag iarraidh go mbeadh scoil cheart anseo in Íochtar na bhFál ag freastal ar thaobh acadúla de ach ó thaobh cúrsaí cothaithe chomh maith.
"Tá muidne ag smaoineamh ar cén dóigh gur féidir linn cuidiú leis na daltaí a bhfuil dúshláin don fhoghlaim orthu.
"Caithfidh tú na daoine a fháil isteach ar dtús. Caithfidh tuismitheoirí a bheith ar bord. Ansin tá traenáil de dhíth ar mhúinteoirí agus chúntóirí anseo. Ach oibríonn sé má tá an cur chuige ceart ann.
"Tá dearcadh anseo agus go háirithe in Iarthar Bhéal Feirste a bheith chomh hoscailte agus chomh tacúil agus is féidir. Cluineann daoine faoi na scoilteacha seo agus tagann siad chugainn mar gheall air."
Bíonn páistí na scoile ag foghlaim i dtimpeallacht chomhranga, rud a chuireann go mór lena gcuid foghlama dar le Mícheál. Bíonn bunchéim le chéile, eocharchéim a haon le chéile agus eocharchéim a dó le chéile.
"Cuirimse an curaclam liath air. Foghlaimíonn tú ó do chara. Rud nach bhfaigheann tú sna scoilteacha uilig na laethanta seo.
"Tá deis ag na páistí eispéireas foghlama níos fearr a fháil mar go bhfuil na ranganna chomh beag sin. Tá níos mó ama ag an mhúinteoir agus ag na cúntóirí."
Cosúil le go leor Gaelscoileanna eile, tá easpa spáis ina dhúshlán ollmhór don scoil. Cé go bhfuil go leor spáis acu ag an bhomaite, agus go leor le soláthar a dhéanamh ar thuilleadh páistí, tá an fhís ag Mícheál áit úr a fháil amach anseo. Luaigh sé na foirgnimh ar cúl na scoile agus go bhfuil féidearthachtaí eile thart orthu.
"Tá muid ag iarraidh go mbeidh áit eile againn uaidh seo amach. Tá féidearthachtaí go fóill anseo againn go dtiocfadh linn níos mó páistí a mhealladh isteach.
"Glacfaidh sé am. Caithfidh muid a bheith réadúil, na huimhreacha a ardú anseo agus ansin a bheith réidh le bogadh."
"Tá cur chuige cothaitheach, dearfach, dóchasach agus dúthrachtach againn sa scoil. Tá muid ag iarraidh cur le fís na scoile. Pobal ag foghlaim, pobal ag forbairt, pobal ag fás."





