Tá an t-ionad pobail i nDeisceart Bhéal Feirste, An Droichead, ag ceiliúradh i ndiaidh daofa €20,000 a bhaint i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael, Ardán 2026. 

Bhain an grúpa an phríomhdhuais de €20,000 as an chur i láthair ”Ag freastal ar shainriachtanais na dteaghlach sna luathbhlianta”.

D’fhorbair siad córas tacaíochta do pháistí a bhfuil sainriachtanais acu agus dá dteaghlaigh in earnáil na luathbhlianta trí Ghaeilge. Cruthaíodh ról comhordaitheora sainriachtanas oideachais, cuireadh oiliúint ar an fhoireann, forbraíodh pleananna aonair do pháistí agus bunaíodh grúpa tuismitheoirí agus tachrán le heolas agus acmhainní a roinnt.

Deir Seáinín Keenan, Oifigeach Forbartha Gaeilge leis An Droichead, gur chuir siad an-tábhacht ar an idirghabháil luath do pháistí.

"D'aithin muid bearna sa soláthar sainriachtana do réamhscoileanna," ar sise. 

"Bhí muidne ag rá, cad é is féidir linne a dhéanamh le cinntiú go bhfuil páistí an Ghaeloideachais ábalta an tacaíocht sin a fháil sula dtosaíonn siad ar an réamhscoil?"

Thig leis an ionad iarratas a chur isteach fríd an naíonra anois leis an tacaíocht cheart a thabhairt do thuismitheoirí.

Arsa Seáinín, "Cinntíonn sé sin go bhfuil soláthar ag an pháiste sula dtosaíonn siad ar an réamhscoil. Mar shampla, bhí beirt i mbliana a raibh cúntóir ranga de dhíth orthu le freastal ar an scoil. Agus tharla sin mar gheall ar an obair s'againne.

"Is muidne an t-aon ghrúpa luathbhlianta sa tuaisceart a bhfuil comhairleoir sainriachtanais aige, an SENCO (Special Educational Needs Co-ordinator). Thig leis an obair sin a bheith lárnach in achan rud a dhéanann muid."

Tá seomra leanaí ag An Droichead, agus deir Seáinín go bhfuil an tseirbhís ina cuidiú ollmhór do na daoine óga a bhaineann úsáid aisti. 

"Faoin am a thagann na páistí chuig an naíonra, tá aithne mhaith againn orthu agus ar na riachtanais atá orthu. Agus tá an aistear sin déanta againn leis na tuismitheoirí.

"Ní bhíonn tuismitheoirí eolach ar shainriachtanais i gcónaí. Tá jab iontach tábhachtach againne le bheith ag tacú leo.

"Creidim go mór san obair a dhéanann muid," arsa Seáinín. "Tá sé i gcroílár an éitis s'againne go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha ansin agus go bhfuil fáilte roimh achan duine."

Deir Seáinín go gcuideoidh an t-airgead leis an ionad a mhórsprioc a bhaint amach agus idirghabháil ar leith a bheith ar fáil do pháistí. Mhol sí iarrachtaí Glór na nGael ar eagrú na hócáide chomh maith. 

"Is é an sprioc fadtéarmach atá againn go mbeidh idirghabháil ar leith againn do pháistí nach bhfuil ábalta dul chuig an phríomhshruth. Tá sé sin ann i mBéarla ach ba mhaith linn é a bheith ar fáil i nGaeilge chomh maith. 

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Glór na nGael as an ócáid a eagrú. D'fhoghlaim muid an oiread sin ó na heagraíochtaí eile agus rinne muid go leor nasc a bhéas ina chuidiú ollmhór amach anseo."