Tá €3000 buaite ag dá ghrúpa pobail i mBéal Feirste ag comórtas náisiúnta Ghlór na nGael ag an mhórócáid bhronnta in Óstán Chonnacht Gaillimh, Dé Sathairn, Ardán 2026.
Bhain Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain sa chatagóir "Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta" as Sean-nós na Fearsaide a reáchtáil.
Bhain Fís an Phobail an méid céanna sa chatagóir "An Teaghlach," as a gcuid oibre le páistí agus teaghlaigh.
Deir Ferdia Mac Carsún, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, go bhfuil trí sprioc straitéiseacha acu; an Ghaeilge a chur chun cinn, na healaíona dúchasacha a chur chun cinn, agus Áras Mhic Reachtain a chur chun cinn.
Ar seisean, "Bunaíodh Sean-nós na Fearsaide in 2014, agus go bunúsach déanann sé traidisiún amhránaíochta na hÉireann a cheiliúradh, a chaomhnú agus a chur chun cinn.
"Cinntíonn an Fhéile seo go bhfanann an traidisiún seo go folláin i mBéal Feirste agus go bhfuil sé i lár an aonaigh.
"Díríonn sé ar an amhránaíocht agus ar an damhsa ar an tsean-nós, agus tá obair ollmhór déanta ag mo chomhghleacaithe, go háirithe ár n-Oifigeach Ealaíona Dáithí Mac Uait."
Mhol Ferdia obair Dháithí thar na mblianta, go háirithe an fhorbairt a rinneadh ar na comórtais amhránaíochta.
"Tá forbairtí suntasacha déanta ansin. Tá comórtais do pháistí d'achan aoisghrúpa ansin, agus b'fhéidir gurb é an rud is suntasaí le cúpla bliana anuas ná Comórtas Cór na mBunscoileanna.
Ar seisean, "Tá ardmholadh tuillte ag muintir Ghlór na nGael as an chomórtas a reáchtáil. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le muintir na Gaeltachta a thacaigh linn fosta, leithéid Doiminic Mac Giolla Bhríde, a thacaigh linn leis an fhéile a fhorbairt thar na mblianta."
Deir Sorcha Nic Cathmhaoil, Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh le Fís an Phobail, go raibh sí ar bís a bheith ainmnithe ar an ghearrliosta. Rinne siad cur i láthair bunaithe ar an obair teaghlaigh atá ar bun acu.
"Tá clár Suí agus Scíth againn, Am Scéalaíochta, Tearmann Teolaí, Seolta Geala, agus na himeachtaí eile a bhíonn againn ar nós laethanta teaghlaigh le Laochra Loch Lao.
Ar sise, "Rachaidh an t-airgead díreach isteach i gciste na dtuismitheoirí arís, le cuidiú leo. Agus déanfaidh muid ceiliúradh beag lenár dteaghlaigh ar fad."



