Bhailigh páistí ó bhunscoileanna áitiúla le chéile i gColáiste Feirste an tseachtain seo caite fá choinne comórtas cainte a chuir Gaelcheannairí Choláiste Feirste le chéile.
Bhí Nuala Ní Scolláin ó Ghlór na Móna ar dhuine de na moltóirí ar an lá, agus dúirt sí go mbíonn an dá ghrúpa ag obair lena chéile go minic agus gur pléisiúr a bhí ann a bheith i láthair.
"Bíonn muid ag comhoibriú le Gaelcheannairí ar thograí difriúla le linn na bliana," ar sise.
"Roghnaigh na daltaí an t-ábhar iad féin, cibé rud a raibh siad paiseanta faoi, agus bhí orthu óráid trí go ceithre bhomaite a thabhairt os comhair an tslua."

Bhí cúig bhunscoil i láthair ar an lá, a d'eagraigh duine de Ghaelcheannairí Choláiste Feirste i ndiaidh di sult a bhaint as comórtas Abair de chuid Gael Linn.
"Chonaic daltaí Choláiste Feirste go raibh titim ollmhór i líon na ndaltaí ó chuid de na bunscoileanna a bhí ag dul chuig Coláiste Feirste ag leibhéal meánscoile. Bhí siad ag iarraidh íomhá dhearfach a dhéanamh den scoil agus an scoil a chur i láthair."
Ar sise, "Dúirt siad nach raibh mórán deiseanna ag na bunscoileanna a bheith páirteach i ndíospóireachtaí."
Ag caint léi faoi chaighdeán an chomórtais, dúirt sí go raibh sé "dochreidte," agus go raibh éagsúlacht na n-ábhar ina thógáil croí.
"Spreag ábhar a gcuid cainteanna an oiread sin dóchais ionainn. Bhí líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge dochreidte acu. Rinne cailín amháin a óráid iomlán ar an mhodh coinníollach!
"Thug an buaiteoir óráid iontach ar athrú aeráide, faoin aire a thabhairt don timpeallacht agus faoin ról atá ag gach duine.
"Agus bhí óráidí eile ann faoi mheabhairshláinte agus an dóigh le do mheabhairshláinte a choinneáil maith."
Gaelcheannairí Choláiste Feirste
Dúirt Nuala go raibh tábhacht nach beag le deiseanna cainte agus cur i láthair a thabhairt do pháistí, agus go gcuireann sé le huile-oideachas na bpáistí.
"Tá sé iontach tábhachtach an taithí sin a thabhairt daofa chun ábhar a roghnú, taighde a dhéanamh air agus rud éigin a scríobh, agus ansin é a chur i láthair os comhair an tslua.
"Bhí muid uilig ag rá nach dtiocfadh linne a leithéid a dhéanamh ag an aois sin! Spreagadh ollmhór dúinne a bhí ann, agus silim gur ceannairí pobail iontacha iad amach anseo."





