TÁ Foras na Gaeilge ag comhoibriú arís eile i mbliana le Gradaim na hAislinge chun grúpa Gaeilge nó gníomhaí Gaeilge a aimsiú a bhfuil gradam tuillte acu in 2026.
Bronnadh an gradam ar ghrúpaí Gaeilge éagsúla le tríocha bliain anuas, ar nós Glór na Móna, Raidió Fáilte, An Ceathrú Póilí agus Cumann Chluain Árd. Tograí suntasacha iad seo uilig a chuidigh le pobal Gaeilge a chothú agus a neartú sa chathair.
Bronnadh an duais ar an ghairmcholáiste Ghaelchúrsaí anuraidh, agus fuair Saibhreas Mháire - Cumann Chluain Árd gradam aitheantais speisialta.
Anois táthar ag lorg grúpa úr de Ghaeilgeoirí fiontracha chun a n-ainmneacha a chur chun tosaigh fá choinne duais 2026.
Dúirt Conall Ó Máirtín, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, go bhfuil ríméad orthu urraíocht a dhéanamh ar Ghradam na Gaeilge arís i mbliana.
"Tugann na Gradaim seo aitheantas agus spreagadh ar leith don obair iontach atá grúpaí ag déanamh ar an talamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
"Tá obair cheannródaíoch ar siúl ar fud na cathrach ar mhaithe leis an Ghaeilge agus ba mhaith le Foras na Gaeilge buíochas a dhéanamh leo as an obair seo atá á dhéanamh acu.
"Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leis na grúpaí agus leis na daoine ar fad a bhfuil Gradam bainte acu don Ghaeilge i mbliana.
"Tá a gcuid oibre agus iarrachtaí i gcroílár an dul chun cinn chultúrtha agus teanga atá ag tarlú faoi láthair. Ní neart go cur le chéile."
Beidh an tríochadú Gradaim na Aislinge ar siúl san Óstán Europa Dé hAoine 27 Samhain.
Téigh chuig https://aisling-events.com/events/aisling-awards-2026/ chun ainmniúchán a dhéanamh.





