Tá clú agus cáil ar Áras Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste as a gcuid ranganna Gaeilge agus ranganna ceoil, agus as a bheith mar óstach ar Shean-nós na Fearsaide, an comórtas sean-nós bliantúil.

Anois beidh deis eile ag lucht an cheoil a gcuid guthanna a chur le togra úr de chuid an cheoltóra mór le rá, Doimnic Mac Giolla Bhríde. Buaileann siad le chéile gach oíche Dhomhnaigh in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma.

"Bhí mé ag teagasc cóir sa Chultúrlann ar feadh na mblianta, b'fhéidir cúig bliana déag. Cuireadh deireadh leis i ndiaidh Covid.

Ar seisean, "Tá cúpla cór ar siúl agam. Ceann i nGaoth Dobhair atá ag dul le cúig bliain is fiche, ceann i Leitir Ceanainn, ceann i nDoire, agus thosaigh mé ceann in Ard Mhacha coicís ó shin i gCoilleach Eanach, agus ansin i mBéal Feirste.

"Déanaimse 'tour of the north' gach Domhnach agus Luan agus téim thart ar na háiteacha ar fad."

Tá na cóir uilig ag foghlaim na n-amhrán céanna, agus tá sé ar intinn ag Doimnic iad a chur le chéile agus a chur isteach chuig Féile Cór Idirnáisiúnta i dtreo dheireadh na míosa.

Cheol cór faoina stiúir ag an Fhéile Dorn san Aer i nGaoth Dobhair, áit a raibh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly i láthair, agus dúirt sé go raibh "an chuma uirthi gur bhain sí sult as!"

"Amhráin a chum mé féin den chuid is mó. Déanann muid meascán daofa sin agus rudaí traidisiúnta. Tá uirlisí ann fosta. Dhá fheadóg mhór agus dhá bhosca ceoil. Píobaí. Dord corruair. 

Tá baint láidir ag Doimnic le hÁras Mhic Reachtain mar go raibh sé ag teagasc ceoil ansin le breis agus fiche bliain, agus deir sé go bhfuil míle fáilte roimh gach duine ar an togra úr seo.

"Glacann sé tamall rudaí a shocrú ach tá fáilte roimh achan eile duine chuig an chór.

"Tá meascán ann. Daoine a bhfuil ceol maith acu, daoine nach bhfuil ceol ar bith acu. Daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus daoine nach bhfuil chomh líofa sin b'fhéidir. Meascán cinnte!

"Déanaim é i mBéarla agus i nGaeilge. Fáilte roimh achan duine idir óg agus aosta."